Socruithe don Nollaig agus don Athbhliain
Guíonn Baill agus Foireann Chomhairle Contae Chill Dara Nollaig shona agus shábháilte agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar chách.
Leanfar de bheith ag cur ár seirbhísí riachtanacha i bhfeidhm ar feadh tréimhse shaoire na Nollag agus na hAthbhliana. Beidh srian ar roinnt seirbhísí, féach sonraí thíos.
Molaimid dár gcustaiméirí gnó a dhéanamh ag baint úsáide as na modhanna seo a leanas.
Seirbhísí ar líne - www.kildarecoco.ie/AllServices/OnlineServices/
Ríomhphost - customerservice@kildarecoco.ie
Fón - 045 980 200
Is trí mheán coinne amháin a bheidh rochtain ar (chuid dár) sheirbhísí.
Chun coinne a dhéanamh logáil isteach ar an leathanach baile ar ár suíomh gréasáin www.kildarecoco.ie/OnlineBookingSystem/ nó ar an bhFón - 045 980 200.
Uaireanta Oscailte - Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara
|
Dé Máirt, 23 Nollaig |
Dúnfar na hoifigí ag 4:00 p.m. Dúnfar an Oifig Airgid Áras Chill Dara ag 1:00 p.m. Dúnfar an Oifig Mótorchánach Áras Chill Dara ag 3:15 p.m. |
|
Dé Céadaoin, 24 Nollaig – Dé hAoine, 26 Nollaig san áireamh
|
Oifigí dúnta |
|
Dé Luain, 29 Nollaig – Dé Céadaoin, 31 Nollaig san áireamh
Dé Luain, 29 Nollaig & Dé Máirt, 30 Nollaig
Dé Céadaoin, 31 Nollaig
|
Oifigí oscailte, agus uaireanta oscailte difriúla le haghaidh seirbhísí áirithe, féach thíos:
Dúnfar an Oifig Airgid Áras Chill Dara ag 1:00 p.m. Dúnfar an Oifig Mótorchánach Áras Chill Dara ag 3:15 p.m. Beidh an Oifig Mótarchánach dúnta Dé Máirt, an 31 Nollaig (Stocáireamh bliantúil)
|
|
Déardaoin, 1 Eanáir 2026 – Dé hAoine, 2 Eanáir 2026 |
Oifigí dúnta |
|
Dé Luain, 5 Eanáir 2026 ar aghaidh |
Oifigí ar oscailt mar is gnách |
Líne ghutháin Lasmuigh d’Uaireanta Oscailte
Más gá duit teagmháil a dhéanamh linn lasmuigh de na huaireanta oscailte, chun ceisteanna práinneacha a thuairisciú maidir le seirbhísí bonneagair a sholáthraíonn an Chomhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn lasmuigh dár n-uaireanta oscailte ar 1800 500 444.
Uimhir Éigeandála maidir le Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean – Lasmuigh d’Uaireanta Gnó 1800 804 307
|
Dé Máirt, 23 Nollaig – Dé Domhnaigh, 28 Nollaig |
12:00 p.m. – 5:00 p.m. |
|
Dé Luain, 29 Nollaig – Dé Céadaoin, 31 Nollaig |
5:00 p.m. – 9:00 p.m. |
|
Déardaoin, 1 Eanáir – Dé Domhnaigh, 4 Eanáir |
12:00 p.m. – 5:00 p.m.
|
|
Dé Luain, 5 Eanáir 2026 ar aghaidh |
Beidh Gnáthuaireanta Oscailte i bhfeidhm arís |
Leabharlanna
|
Dúnfar Ceanncheathrú na Leabharlainne agus príomhbhrainsí na leabharlainne (Baile Átha Í, Cill Droichid, Baile Chill Dara, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, An Nás) Dé Máirt, 23 Nollaig ag 4:00 p.m. agus athosclófar iad Dé Luain, 29 Nollaig. Dúnfar Cartlann an Chontae & Staidéar Áitiúil agus craobhacha páirtaimseartha leabharlainne (Béal Átha an Tuair, Díseart Diarmada, Claonadh, Cill Choca, Cill Chuillinn, Mainistir Eimhín, Ráth Iomgháin) Dé Máirt, 23 Nollaig ag 4:00 p.m. agus athosclófar iad Dé Luain, 5 Eanáir 2026 de réir gnáthuaireanta oscailte na seachtaine sin. Dúnfar Leabharlann Chloch an Rince Dé Luain, 22 Nollaig ag 4:00 p.m. agus athosclófar í Dé Luain, 5 Eanáir 2026. Leabharlann Taistil - dúnfar í Déardaoin, 18 Nollaig 2025 agus beidh sí ar ais ar an mbóthar Dé Máirt, 13 Eanáir 2026. Moltar duit seiceáil an gá do chuntas leabharlainne a athnuachan roimh an Nollaig d'fhonn a chinntiú go gcoinníonn tú do rochtain ar ár seirbhísí ar líne. |
|
|
Dé Máirt, 30 Nollaig |
Na príomhbhrainsí amháin - ar oscailt 10:00 a.m. – 5:00 p.m. |
|
Dé Céadaoin, 31 Nollaig |
Na príomhbhrainsí amháin - ar oscailt 10:00 a.m. – 5:00 p.m. |
|
Déardaoin, 1 Eanáir 2026 |
Gach leabharlann dúnta |
|
Dé hAoine, 2 Eanáir 2026 |
Gach leabharlann dúnta |
|
Dé Sathairn, 3 Eanáir 2026 |
Na príomhbhrainsí amháin - ar oscailt 10.00 a.m. – 5.00 p.m. |
|
Dé Luain, 5 Eanáir 2026 |
Ar oscailt mar is gnách |
|
TABHAIR FAOI DEARA: Dúnfaidh Leabharlann Dhroichead Nua ag 8:00 p.m. Déardaoin, 11 Nollaig chun ullmhúchán don athlonnú sealadach go Lóiste na Life a éascú - dáta athoscailte go luath i mí Eanáir 2026 le dearbhú. |
|
Rialú Tógála
Beidh an CBRF dúnta d’Fhógraí Tosaithe, Fógraí 7 Lá, agus Iarratais (Faisnéis Bhreise nó Faisnéis Athbhreithnithe san áireamh) agus Deimhnithe Comhlíontachta ar Chríochnú ó 12.00 p.m. Dé hAoine, 19 Nollaig 2025 go 12:00 a.m. Déardaoin, 1 Eanáir 2026.
Ní chuirfear Deimhnithe Comhlíontachta ar Chríochnú leis an gClár idir Dé hAoine, 19 Nollaig 2025 agus Déardaoin, 1 Eanáir 2026, agus ba cheart duit é sin a chur san áireamh agus Deimhniú Críochnaithe Réamhfhógra á chur isteach agat (ní mór iad sin a chur in iúl 3 go 5 seachtaine roimh an dáta dúnta).
Déan teagmháil le buildingcontrol@kildarecoco.ie má tá aon cheist agat, go háirithe maidir le Fógraí 7 Lá agus Deimhnithe Comhlíontachta ar Chríochnú a chur isteach.
Forfheidhmiú Páirceála
|
Cill Droichid & Léim an Bhradáin |
Beidh páirceáil saor in aisce i gCill Droichid agus i Léim an Bhradáin ó 10:00 am go 13:00 pm Luan go hAoine i gCill Droichid agus i Léim an Bhradáin ón 15 go dtí an 31 Nollaig 2025 agus an dá lá sin san áireamh. Leanfar den dlí maidir le páirceáil mhídhleathach a chur i bhfeidhm mar is gnách le linn na tréimhse páirceála saor in aisce seo. |
|
Sna bailte eile ar fad |
Leanfar de gach ceantar eile i gContae Chill Dara a rialú mar is gnách, lena n-áirítear Na Solláin, Claonadh agus Cill Choca. |
Íocaíochtaí Fíneála Páirceála agus Achomhairc Pháirceála
Íocaíochtaí Fíneála Páirceála:
Ní bheidh córais íocaíochta maidir le fíneálacha a eisítear ar an Máirt, 23 Nollaig 2025 nó ina dhiaidh sin ar fáil san Oifig Airgid, Áras Cill Dara, ná ar líne go dtí Dé Luain, 29 Nollaig 2025. Tar éis an dáta seo, beidh íocaíochtaí i bhfeidhm mar is gnách arís.
Achomhairc Pháirceála agus Fiosrúcháin maidir le hAchomhairc:
Is féidir Achomhairc agus Fiosrúcháin Fíneála Páirceála a chur isteach trí logáil isteach ar https://kildare.apcoa.ie/ tríd an bpost, nó go pearsanta ag cuntar poiblí Bóithre agus Iompair.
Chun coinne a dhéanamh logáil isteach ar www.kildarecoco.ie/OnlineBookingSystem
Athchúrsáil
Osclófar Ionaid Fóntais Poiblí mar seo a leanas:
|
Dáta |
Cnoc Saileata (Cill Chuillinn) |
Baile Átha Í (Cnoc na Croiche) |
|
Dé Luain, 22 Nollaig – Dé Máirt, 23 December |
Gnáthuaireanta |
Dúnta |
|
Dé Céadaoin, 24 Nollaig |
8:00 a.m. – 12:30 p.m. |
Dúnta |
|
Déardaoin, 25 Nollaig – Dé hAoine, 26 Nollaig |
Dúnta |
Dúnta |
|
Dé Sathairn, 27 Nollaig |
Gnáthuaireanta |
Gnáthuaireanta |
|
Dé Luain, 29 Nollaig – Dé Máirt, 30 Nollaig |
Gnáthuaireanta |
Dúnta |
|
Dé Céadaoin, 31 Nollaig |
8:00 a.m. – 12:30 p.m. |
Dúnta |
|
Déardaoin, 1 Eanáir 2026 |
Dúnta |
Dúnta |
|
Dé hAoine, 2 Eanáir 2026 |
Ar oscailt arís agus gnáthuaireanta i bhfeidhm |
Ar oscailt arís agus gnáthuaireanta i bhfeidhm
|
Athchúrsáil Crann Nollag:
Cuireann Comhairle Contae Chill Dara seirbhís saor in aisce ar fáil don phobal ionas gur féidir leo a bhfíorchrainn Nollag a thabhairt lena n-athchúrsáil ar bhealach inbhuanaithe. San iomlán, tá 7 suíomh ar fud an chontae ina gcuirtear an tseirbhís seo ar fáil.
- Baile Átha Í, Carchlós Lána an Chruinnithe
- Acomhal Chill Droichid, Clós na Comhairle
- Claonadh, Club CLG
- An Nás, Faiche an Aonaigh
- Droichead Nua, Ionad Dáileacháin Lidl (in aice le Timpeallán R445)
- Maigh Nuad, Ionad na Comhairle, in aice leis an Stáisiún Dóiteáin
- Mainistir Eimhín, Carrchlós Choillte Mhainistir Moore
Déantar na crainn Nollag a stialladh, agus cuirtear na crainn mhótáilte ar fáil le húsáid ar thionscnaimh thírdhreachaithe áitiúla. Osclófar na suíomhanna ó Dé Luain, 5 Eanáir 2026 go dtí Dé Luain,19 Eanáir 2026.
Déanfar seirbhísiú ar bhainc ghloine agus ar bhainc athchúrsála le linn thréimhse na Nollag.
D'fhéadfadh na suíomhanna seo a bheith níos gnóthaí ná mar is gnách, agus má tá siad lán, iarraimid ort gan aon dramhaíl a fhágáil in aice leis na bainc.
Nollaig Shona ó Chomhairle Contae Chill Dara










