Tá Comhairle Contae Chill Dara i gcomhpháirt le hOllscoil Mhá Nuad ag lorg iarratas do ról an Scríbhneora Chónaithe ó scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil réimse saothar ar ardchaighdeán foilsithe acu i bhfilíocht agus/nó i bprós cruthaitheach. Tá an chónaitheacht, a mhairfidh ó Mheán Fómhair 2026 go Lúnasa 2027, lonnaithe in Ollscoil Mhá Nuad agus seo an tríú comhpháirtíocht dá leithéid idir Ollscoil Mhá Nuad, Pobail Chruthaitheacha Chill Dara, agus Seirbhísí Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara.
Forbraíodh an ról ‘Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge’ chun deis a thabhairt do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne a bheith ag plé le scríbhneoirí Gaeilge aitheanta agus, ina theannta sin, chun deis a thabhairt do na scríbhneoirí a dtionscadail féin a chur chun cinn. Go dtí seo, bhí Ré Ó Laighléis agus Dubhán Ó Longáin i measc na Scríbhneoirí Cónaithe Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
Dúirt Gillian Allen, Leabharlannaí an Chontae, Comhairle Contae Chill Dara; “Bhain Seirbhísí Leabharlainne agus Ealaíon Chill Dara agus Pobail Chruthaitheacha Chill Dara an-tairbhe as an gcomhoibriú seo le hOllscoil Mhá Nuad, d’fhonn scríbhneoirí Gaeilge a chur chun cinn agus d’fhonn tacú leo, mar aon le deis agus am a thabhairt dóibh a gcuid scríbhneoireachta a fhorbairt. Fáiltímid freisin roimh rannpháirtíocht na scríbhneoirí ag an leibhéal áitiúil trí cheardlanna pobail a chur ar fáil, agus tríd an rannpháirtíocht chomhoibríoch atá mar chuid dár bhféilire bliantúil imeachtaí ealaíonta agus dár dtiomantas do chur chun cinn na Gaeilge.”
7 Meitheamh 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais. Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí Thairseach Earcaíochta ar Líne Ollscoil Mhá Nuad, áit a bhfuil sonraí iomlána an róil ar fáil, ag an nasc seo a leanas: https://www.maynoothuniversity.ie/human-resources/vacancies