skip to main content
 

Frequently Asked Questions | Ceisteanna Coitianta

Conas is féidir liom claraigh Leabharlanna Cill Dara?

  • Tá ballraíocht Lebharlanna Cill Dara SAOR IN AISCE do gach duine
  • Is féidir leat clárú ar líne ag Leabharlanna Éireann
  • Is féidir sonraí iomlána a fháil ar ár nDoiciméad un Théarmaí agus Coinníollacha Ballraíochta

Conas is féidir liom teaghmháil a dhéanamh le mo Leabharlann áitúil?

 

Tá eolas teaghmhaíl ar fháíl anseo - https://www.librariesireland.ie/find-your-local-library

 

Conas a fhéadhfaidh mé breathnú ar mo chuntas Leabharlainne?

Is féidir le baill breathnú ar a gcuntais leabharlainne ar líne lena n-áirítear earraí a athnuachan agus a iarraidh. Chun rochtain a fháil ar do chuntas beidh an méid seo a leanas uait:

  • Uimhir chárta ballraíochta (e.g. B123456)
  • UAP 4 dhigit (Uimhir Aitheantais Phearsanta)
  • Chun UAP a chlárú, taispeáin do chárta leabharlainne go pearsanta do bhall foirne i do leabharlann áitiúil.

Conas a chuardaím catalóg na Leabharlainne ón mbaile?

 

Is féidir leat an Chatalóg Ar Línea chuardach anseo

 

Cad is fédir liom a fháil ar iasacht ón Leabharlann?

  • Is féidir leat leabhair, Sraith Uirlisí Sábhála Fuinnimh, DVDanna agus CDanna Ceoil a fháil ar iasacht
  • Féadfaidh tú suas le 12 earra a fháil ar iasacht ar do chárta Leabharlainne
  • Is féidir an chuid is mó de na míreanna a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse iasachta 3 seachtaine

Conas is féidir liom m’earraí a athnuachan?

  • Go pearsanta, ag do leabharlann áitiúil trí do chárta leabharlainne a thabhairt chuig deasc na leabharlainne nó ar na bothanna féinseirbhíse
  • Trí ghlaoch a chur ar do leabharlann áitiúil (bíodh do chárta ballraíochta réidh le do thoil)
  • Ar líne, trí logáil isteach i do chuntas leabharlainne
  • Ní féidir leat earra atá curtha in áirithe ag duine eile a athnuachan, nó i gcás gur sroicheadh a teorainn athnuachana cheana féin

Cad iad na táillí a bhíonn I bhfeidhm, más ann dóibh?

  • Ó Eanáir 2019, níl aon fhíneálacha ar earraí atá thar téarma/déanach. Seolfar fógraí thar téarma le téacs agus r-phost mar mheabhrúcháin fós
  • Iarrfar ort muirear athsholáthair a íoc más earra do dhaoine fásta an rud a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó. Ríomhfar an costas seo mar phraghas ceannaigh na míre.  Is féidir muirir athsholáthair a íoc ag aon bhrainse leabharlainne, is cuma cá as a tháinig an earra. Nó is féidir leat cóip athsholáthair a sholáthar dúinn
  • Ní ghearrtar aon táille athsholáthair ar earraí leanaí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh
  • Tabhair faoi deara le do thoil, mura bhfuil an caillteanas nó an damáiste curtha in iúl agat don leabharlann, cuirfear bac sealadach ar do chárta ó earraí a fháil ar iasacht nó a athnuachan, lena n-áirítear r-leabhair agus leabhair r-fhuaime go dtí go gcuirfidh tú ball foirne leabharlainne ar an eolas

Conas a iarraim Leabhar nó mír?

 

 

Conas a fhaighim ríomhleabhair nó ríomh-chlosleabhair ar iasacht?

Conas a úsaidim ríomhairí sa Leabharlann?

  • Tá ríomhairí pearsanta poiblí agus/nó táibléid ar fáil le húsáid ag an bpobal i ngach leabharlann i Cill Dara. Tá sé SAOR IN AISCE ríomhaire, an t-idirlíon agus WiFi a úsáid
  • Tabhair faoi deara go dteastaíonn Uimhir UAP uait d’fhonn rochtain a fháil ar WiFi
  • Is féidir tuilleadh faisnéise faoi ríomhairí agus faoin Idirlíon a fháil sa chuid um Bearta Idirlínár suíomh Gréasáin
  • Tá fáilte roimh iasachtaithe a gcuid ríomhairí glúine, táibléad srl. a úsáid inár leabharlanna

Conas is féídir liom priontáil/ fótachóipeáil/ scanadh?

Trí Surfbox Kiosk Féinfhreastail

  • Cosnaíonn priontaí agus fótachóipeanna A4 Dubh agus Bán €0.20c in aghaidh an leathanaigh
  • Cosnaíonn priontaí agus fótachóipeanna A4 Daite €0.60c in aghaidh an leathanaigh
  • Cosnaíonn priontaí agus fótachóipeanna A3 Dubh agus Bán €0.40c in aghaidh an leathanaigh
  • Cosnaíonn priontaí agus fótachóipeanna A3 Daite €1.20c in aghaidh an leathanaigh
  • Tá scanadh doiciméid saor in aisce

 

Conas is féidir liom rochtain a fháíl ar rSheirbhísí Leabharlanna Chill Dara agus cúrsaí ar line?

 

 

Faigh tuilleadh faisnéise anseo

 

Conas a fhaighim faisnéis faoi stair/ ginealas áitúil?

  • Tá bailiúchán de leabhair staire áitiúla i ngach leabharlann brainse Cill Dara
  • Féach an Rannán um Stair Áitiúíl agus Seirbhís Cartlainnele do thoil chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil maidir le bailiúcháin staire áitiúla atá i leabharlanna Cill Dara

 

Conas a gheobhaidh mé amach cad iad na himeachtaí atá ar siúl i mo Leabharlann áitúil?

 

 

Le haghaidh liostaí imeachtaí inár leabharlanna brainse uile féach ar ár suíomh Gréasáin anseo nó cuir do d’ainm ar ár nuachtlitir anseo

 

script>