Socruithe na Nollag agus na hAthbhliana
Guíonn Baill agus Foireann Chomhairle Contae Chill Dara Nollaig shona agus shábháilte do chách agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise.
Leanfaidh ár seirbhísí riachtanacha i bhfeidhm ar feadh tréimhse saoire na Nollag agus na hAthbhliana. Beidh roinnt seirbhísí faoi réir srianta, sonraí thíos.
Molaimid dár gcustaiméirí gnó a dhéanamh ag baint úsáide as na modhanna seo a leanas.
Seirbhísí ar líne - www.kildarecoco.ie/AllServices/OnlineServices/
Ríomhphost - customerservice@kildarecoco.ie
Fón - 045 980 200
Is trí choinne amháin a dhéanfar rochtain ar (chuid dár) seirbhísí go pearsanta.
Chun coinne a dhéanamh logáil isteach ar leathanach baile ár suíomh gréasáin www.kildarecoco.ie/OnlineBookingSystem/ nó ar an bhFón - 045 980 200.
Uaireanta Oscailte - Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara
Dé Luain, 23 Nollaig |
Dúnfar na hoifigí ag 4:00 i.n. *Dúnfaidh Oifig an Airgid Áras Chill Dara ag 3:30 i.n. |
Dé Máirt, 24 Nollaig – Dé Domhnaigh, 29 Nollaig san áireamh |
Oifigí dúnta |
Dé Luain, 30 Nollaig – Dé Máirt, 31 Nollaig san áireamh |
Oifigí oscailte, agus uaireanta coigeartaithe thíos le haghaidh seirbhísí áirithe:
Dúnfaidh Oifig an Airgid Áras Chill Dara ag 3:30 i.n. Beidh an Oifig Mótarchánach dúnta Dé Máirt, an 31 Nollaig (Stocáireamh bliantúil) |
Dé Céadaoin, 1 Eanáir 2025 |
Oifigí dúnta |
Déardaoin, 2 Eanáir 2025 ar aghaidh |
Oifigí oscailte mar is gnáth |
Líne ghuthán Lasmuigh d’Uaireanta Oibre
Más gá duit teagmháil a dhéanamh linn i gcás éigeandála chun ceisteanna práinneacha a thuairisciú maidir le seirbhísí bonneagair a sholáthraíonn an Chomhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn lasmuigh dár n-uaireanta oscailte ar 1800 500 444. |
Uimhir Éigeandála Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean – Lasmuigh d’Uaireanta Gnó 1800 804 307
Dé hAoine, 20 Nollaig |
5:00 i.n. – 9:00 i.n. |
Dé Sathairn, 21 Nollaig – Dé Domhnaigh, 22 Nollaig |
12:00 i.n. – 5:00 i.n. |
Dé Luain, 23 Nollaig |
5:00 i.n. – 9:00 i.n. |
Dé Máirt, 24 Nollaig – Dé Domhnaigh, 29 Nollaig |
12:00 i.n. – 5:00 i.n. |
Dé Luain, 30 Nollaig – Dé Máirt, 31 Nollaig |
5:00 i.n. – 9:00 i.n. |
Dé Céadaoin, 1 Eanáir 2025 |
12:00 i.n. – 5:00 i.n. |
Déardaoin, 2 Eanáir 2025 |
Beidh Gnáthuaireanta Oibriúcháin i bhfeidhm arís |
Leabharlanna
Dúnfar ceanncheathrú na leabharlainne agus gach leabharlann bhrainse Dé Luain, 23 Nollaig ag 4:00 i.n. |
|
Dé Máirt, 24 Nollaig – Dé Sathairn, 28 Nollaig san áireamh |
Gach leabharlann dúnta |
Dé Luain, 30 Nollaig |
Osclóidh agus dúnfaidh leabharlanna ag a ngnáthamanna |
Dé Máirt, 31 Nollaig |
Osclóidh leabharlanna ag a ngnáthamanna agus dúnfaidh siad ag 5:00 i.n. |
Dé Céadaoin, 1 Eanáir 2025 |
Gach leabharlann dúnta |
Déardaoin, 2 Eanáir 2025 ar aghaidh |
Gach leabharlann oscailte ag gnáthamanna |
Rialú Foirgníochta
Beidh an CBRF dúnta d’Fhógraí Tosaithe, Fógraí 7 Lá, agus Iarratais (Deimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán, Deimhnithe Rochtana Míchumais, Dispeansáidí agus Maoluithe, lena n-áirítear Breis Faisnéise nó Faisnéis Athbhreithnithe) ó 11:59 i.n. Déardaoin, 19 Nollaig 2024 go 12:01 r.n. Dé Céadaoin, 1 Eanáir 2025.
Dóibh siúd atá ag iarraidh leas a bhaint as an scéim um tharscaoileadh Ranníocaíochta Forbartha, ba cheart “Fógraí Tosaithe” nó “Fógraí 7 Lá” ábhartha a chur isteach ar nó roimh Dé Máirt, 17 Nollaig 2024.
Ní chuirfear Deimhnithe um Chomhlíonadh ar Chríochnú leis an gClár idir Déardaoin, 19 Nollaig 2024 agus Dé Céadaoin, 1 Eanáir 2025, agus ba chóir duit é sin a choinneáil i gcuimhne agus réamhfhógra i dtaobh chríochnú á chur isteach agat.
Déan teagmháil le buildingcontrol@kildarecoco.ie má tá aon cheist agat, go háirithe maidir le Fógraí 7 Lá a chur isteach.
Forfheidhmiú Páirceála
Cill Droichid, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, Baile Chill Dara agus An Droichead Nua |
Ní chuirfear Páirceáil Íoctha ar fionraí sna bailte seo. Leanfar le gnáthfhorfheidhmiú páirceála thar thréimhse na Nollag. |
An Nás |
Beidh carrchlóis Chomhairle Contae Chill Dara (Carrchlós Rae Nua, Carrchlós Pháirc an Aonaigh, Carrchlós Shráid na Mainistreach agus Carrchlós Hedermans) saor in aisce ó 9:30 r.n. go dtí 5:30 i.n. gach lá ag tosú Dé Céadaoin, 18 Nollaig 2024 agus ag críochnú ag 9:30 r.n. Dé hAoine, 3 Eanáir 2025. Leanfar le páirceáil mhídhleathach a chur i bhfeidhm i ngach limistéar thar thréimhse na Nollag. Ní chuirfear Páirceáil Íoctha ar fionraí in aon áit eile. |
Baile Átha Í |
Beidh carrchlóis Chomhairle Contae Chill Dara saor in aisce ó 2:00 i.n. go dtí 6:30 i.n. gach lá ag tosú Dé Máirt, 10 Nollaig 2024 agus ag críochnú ag 8:30 r.n. Dé hAoine, 3 Eanáir 2025. Leanfar le páirceáil mhídhleathach a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse seo. Ní chuirfear Páirceáil Íoctha ar fionraí in aon áit eile. |
Íocaíochtaí Fíneála Páirceála agus Achomhairc Páirceála
Íocaíochtaí Fíneála Páirceála: Ní bheidh córais íocaíochta maidir le fíneálacha a eisítear ar an Luan, 23 Nollaig 2024 nó ina dhiaidh sin ar fáil in oifig an airgid, in Oifig Cheantar Bardasach Bhaile Átha Í, nó ar líne go dtí Dé Luain, 30 Nollaig 2024. Tar éis an dáta seo, beidh íocaíochtaí i bhfeidhm arís. Achomhairc Pháirceála agus Fiosrúcháin maidir le hAchomharc: Is féidir Achomhairc agus Fiosrúcháin Fíneála Páirceála a chur isteach trí logáil isteach ar https://kildare.apcoa.ie/ tríd an bpost, nó go pearsanta ag cuntar poiblí Bóithre agus Iompair. Chun coinne a dhéanamh logáil isteach ar www.kildarecoco.ie/OnlineBookingSystem |
Athchúrsáil
Osclófar Ionaid Fóntas Poiblí mar seo a leanas:
Dáta |
Cnoc Saileata (Cill Chuillinn) |
Baile Átha Í (Cnoc na Croiche) |
Dé Máirt, 24 Nollaig |
8:00 r.n. – 12:30 i.n. |
Dúnta |
Dé Céadaoin, 25 Nollaig - Déardaoin, 26 Nollaig |
Dúnta |
Dúnta |
Dé hAoine, 27 Nollaig – Dé Sathairn, 28 Nollaig |
8:00 r.n. – 15:45 i.n. |
9:00 r.n. – 15:45 i.n. |
Dé Domhnaigh, 29 Nollaig |
Dúnta |
Dúnta |
Dé Luain, 30 Nollaig |
8:00 r.n. – 15:45 i.n. |
Dúnta |
Dé Máirt, 31 Nollaig |
8:00 r.n. – 12:30 i.n. |
Dúnta |
Dé Céadaoin, 1 Eanáir 2025 |
Dúnta |
Dúnta |
Nollaig Shona ó Chomhairle Contae Chill Dara