Teachtaireacht Phoiblí Thábhachtach maidir le Stoirm Darragh
Bhí cruinniú ag ‘Foireann Measúnaithe um Dhrochaimsir’ Chomhairle Contae Chill Dara tráthnóna inniu mar gheall ar an Rabhadh Aimsire Oráiste don chontae. D’fhéadfadh coinníolacha aimsire stoirmiúla a bheith mar thoradh ar na luasanna gaoithe atá tuartha agus d’fhéadfadh daoine agus maoin a bheith i mbaol. Beidh an rabhadh aimsire i bhfeidhm ó 10pm anocht go dtí 10am maidin amárach, Dé Sathairn 7 Nollaig.
Tar éis an chruinnithe úd, eisíodh an chomhairle thíos:
- Bí ar an eolas faoi na coinníollacha aimsire i do cheantar áitiúil féin; d’fhéadfadh luas agus neart na gaoithe a bheith an-éagsúil in áiteanna éagsúla (ag brath ar threo na gaoithe agus ar an tírdhreach áitiúil).
- Is féidir le gaotha láidre coinníollacha tiomána contúirteacha a chruthú, go háirithe d’úsáideoirí bóithre atá níos leochailí, m.sh. rothaithe, coisithe, gluaisrothaithe agus feithiclí a bhfuil taobhanna arda orthu. Ba cheart d’úsáideoirí bóithre aird ar leith a thabhairt ar an riosca a bhaineann le crainn tite agus smionagar ar eitilt san aer, toisc go bhfuil na duilleoga fós ar na crainn.
- Moltar do dhaoine ullmhú do theacht na stoirme, agus a chinntiú go bhfuil a bhfóin phóca luchtaithe go hiomlán chun cumarsáid a chumasú agus go bhfuil aon troscán lasmuigh/ an troscán ar fad lasmuigh, lena n-áirítear maisiúcháin Nollag, trampailíní is araile daingnithe i gceart.
- Beidh na coinníollacha tiomána an-chontúirteach i rith an deireadh seachtaine. Ná tiomáin ar bhóithre atá faoi uisce riamh, d’fhéadfadh an t-uisce a bheith níos doimhne ná mar a cheapann tú.
- Seiceáil na gníomhaíochtaí/imeachtaí atá beartaithe agat don oíche anocht, cóisirí na Nollag san áireamh, agus cuir ar athló iad nó cuir ar ceal iad de réir mar is cuí. D’fhéadfadh an rabhadh aimsire tionchar a bheith aige ar sheirbhísí iompair phoiblí.
- Déan monatóireacht ar réamhfhaisnéisí Met Éireann agus/nó tabhair cuairt ar https://www.met.ie/ chun an t-eolas is déanaí a fháil. Tá faisnéis ar fáil ar fud ardáin meán sóisialta agus foinsí meán nuachta eile.
- Tá Líonraí BSL/ESB ag cur béim ar na dainséir a bhaineann le sreangaí beo tite agus tá comhairle á cur aige ar an bpobal agus ar na seirbhísí éigeandála fanacht amach ó na cáblaí sin atá tite agus cásanna den sórt sin a thuairisciú don BSL láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL/ESB ar 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal monatóireacht a dhéanamh ar www.PowerCheck.ie maidir le hamanna athchóirithe cumhachta.
Leanfaidh Comhairle Contae Chill Dara de bheith ag déanamh monatóireacht ar an scéal.