Athbhreithniú ar Luasteorainneacha – Cur i bhFeidhm Luasteorainn Réamhshocraithe de 60km/u ar Bhóithre Áitiúla Tuaithe
Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Dara tús a chur le próiseas Comhairliúcháin Phoiblí le haghaidh Athbhreithniú ar Theorainneacha Luais ar Bhóithre Áitiúla Tuaithe. Eascraíonn an t-athbhreithniú seo as reachtaíocht le déanaí (An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2024) a dhéanann foráil d’ísliú céimnithe ar luasteorainneacha réamhshocraithe in Éirinn. Áireoidh an t-ísliú céimnithe:
- Céim 1 – Laghdú ar Luasteorainn Bóithre Áitiúla Tuaithe go 60km/u
- Céim 2 – Laghdú ar Luasteorainneacha Bóithre Uirbeacha agus Náisiúnta (Comhairliúchán le leanúint in 2025)
Is é deireadh na Samhna 2024 dáta tosaithe na teorann luais réamhshocraithe 60 km/u do Bhóithre Áitiúla Tuaithe.
De réir na Roinne Iompair, ní áirítear san athbhreithniú seo ar bhóithre áitiúla tuaithe:
- Gach bóthar réigiúnach agus bóithre náisiúnta.
- Gach bóthar poiblí laistigh de theorainneacha na hiar-chomhairle baile.
- Gach bóthar poiblí le luasteorainn speisialta reatha de 30km/u (eastát tithíochta).
- Gach bóthar poiblí le luasteorainn speisialta reatha de 50 km/u.
Tabharfar aghaidh ar na catagóirí bóithre thuas sna céimeanna ina dhiaidh sin den Athbhreithniú ar Luasteorainneacha. Tá sé beartaithe go gcuirfear na céimeanna seo chun cinn in 2025.
Iarrtar ar aighneachtaí ón bpobal faoi na teorainneacha luais réamhshocraithe ar bhóithre áitiúla tuaithe. Is é cuspóir na réamhshocraithe nua ná soláthar a dhéanamh do luas níos oiriúnaí ar bhóithre áitiúla tuaithe.
Tá an próiseas comhairliúcháin poiblí seo ar siúl chun cabhrú leis an bpobal iad féin a chur ar an eolas faoi na hathruithe atá beartaithe ar luasteorainneacha réamhshocraithe atá le cur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ar fud na tíre sa bhliain seo chugainn. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh gach úsáideoir bóithre na hathruithe ar luasteorainn atá beartaithe do Chill Dara agus go mbainfeadh siad leas as an deis seo chun aighneachtaí a dhéanamh agus a dtuairimí a nochtadh.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an athbhreithniú ar an luasteorainn thuasluaite a dhéanamh ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/speed-limit-review-–-implementation-default-speed-limit-60kmh-rural-local-roads
nó I scríbhinn chuig an: A/Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Iompair, Soghluaisteacht agus Spásanna Oscailte, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F ar nó roimh 5:00 p.m. ar Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2024.
Déan d’aighneacht trí mheán amháin, le do thoil, i.e. i gcóip chrua nó ar líne