Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara

Baill foirne a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu:
Tá Gaeilge ar a dtoil ag baill foirne a bhíonn ag obair sna rannóga agus sna réimsí seo a leanas i gComhairle Contae Chill Dara.
- Seirbhísí do Chustaiméirí
- An tSeirbhís Leabharlainne agus Ealaíon
- An Fhoireann Cumarsáide
- An Rannóg Pleanála
- Gníomhú ar son na hAeráide
- Comhpháirtíocht Spóirt Chill Dara
- Seirbhísí do Bhaill
- Clár na dToghthóirí
- Airgeadas
- Acmhainní Daonna
- An Rannóg Tithíochta
- Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chill Dara
- An Rannóg Iompair
- An Oifig Fiontair Áitiúil
Dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021
Tugann Údarás Áitiúil Chill Dara faoi deara na dualgais a leagtar orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus tá Údarás Áitiúil Chill Dara tiomanta na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá sé mar aidhm ag Údarás Áitiúil Chill Dara freastal ar dhaoine ar mhaith leo gnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge - labhair Gaeilge linn!
Cabhraíonn an tOifigeach Gaeilge le baill foirne na Comhairle a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh, mar aon le reachtaíocht ghaolmhar m.sh. comharthaí bóithre.
Déan teagmháil linn
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge trí ríomhphost a sheoladh chuig OGILO@kildarecoco.ie nó glaoch a chur ar Áras Chill Dara ar 045-980200.
Scéim Teanga Chomhairle Contae Chill Dara
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh Scéim Teanga Chomhairle Contae Chill Dara 2018-21 fós i bhfeidhm go dtagann na caighdeáin teanga do na húdaráis áitiúla i bhfeidhm. Tá dualgais dhíreacha ar an gComhairle faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus anuas ar na dualgais dhíreacha sin, leagadh amach i Scéim Teanga na Comhairle na seirbhísí eile a chuirimid ar fáil trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla. Is féidir teacht ar ár Scéim Teanga ar leathanach na bhfoilseachán ag Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha ag an nasc seo: Scéim Teanga 2018 - 2021 (Leagan Uasdátaithe)
Táimid tiomanta seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge de réir na ndualgas díreach agus de réir na Scéime Teanga araon. Tá súil againn go mbeidh dea-eispéaras ag saoránaigh ar mian leo gnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge agus fáiltímid roimh aiseolas maidir lenár seirbhísí Gaeilge.
Scéim na bhFáinní – Scéim Ghaeilge do Bhunscoileanna fud fad Chontae Chill Dara

Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara a d’fhorbair an scéim seo a chuirfear i bhfeidhm le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo scoileanna a spreagadh chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc daltaí i rang a sé agus iad ag fáil faoi réir don aistriú tábhachtach go dtí leibhéal an iar-bhunoideachais.
Chun páirt a ghlacadh sa scéim, iarrtar ar mhúinteoirí clár sé seachtaine a éascú chun an méid Gaeilge a labhraíonn na daltaí a mhéadú. Tá an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga mar chuid lárnach den chlár m.sh. Ealaín trí Ghaeilge, Corpoideachas trí Ghaeilge, Ceol trí Ghaeilge is araile. Mar chuid den chlár, tabharfaidh daltaí rannpháirteacha faoi dhá thionscnamh dá rogha féin a mbeidh an Ghaeilge fite fuaite iontu. D’fhéadfadh ábhair mar na hábhair seo a leanas a bheith san áireamh:
- Taighde a dhéanamh ar bhunús Gaeilge Logainmneacha Áitiúla
- Seanfhocail agus Nathanna Cainte a bhailiú
- Dráma Gaeilge a chur ar stáitse
- Coinní Puipéad as Gaeilge a óstáil
- Méimeanna Gaeilge a chruthú
Is féidir le príomhoidí scoileanna léirithe spéise a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig teangabheo@kildarecoco.ie agus ní mór na sonraí seo a leanas a bheith san áireamh:
- Ainm na scoile agus ainm(neacha) an mhúinteora/na múinteoirí rang a sé a d’éascódh an tionscnamh.
- Míniú gairid ar an dóigh a mbainfeadh daltaí i rang a sé i do scoilse tairbhe as páirt a ghlacadh i Scéim na bhFáinní.
- Líon na ndaltaí atá cláraithe i rang a sé sa scoil faoi láthair.
Dáilfear áiteanna ar 20 scoil bunaithe ar na freagraí a thugtar ar cheist 2, agus déanfar an líon céanna áiteanna a dháileadh sna Ceantair Bhardasacha uile.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim na bhFáinní, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara trí scríobh chuig OGILO@kildarecoco.ie.
Scéim na bhFáinní – Irish Language Scheme for Primary Schools across County Kildare

Developed by Kildare County Council’s Irish Language Committee, Coiste Gaeilge, and supported by Cill Dara le Gaeilge and Conradh na Gaeilge, this initiative aims to encourage and support the increased use of the Irish language among sixth class students, as they prepare for the important transition to post-primary education.
To participate, teachers are asked to facilitate a six-week programme aiming to increase the amount of Irish spoken by pupils. Content and Language Integrated Learning is central to the programme e.g. Ealaín (Art) through Irish, Corpoideachas (Physical Education) through Irish, Ceol (Music) through Irish etc. As part of the programme, students are required to undertake two Irish language-related projects of their own choosing. These may include:
- Researching the Irish origins of Logainmneacha Áitiúla (Local Placenames)
- Collecting Seanfhocail agus Nathanna Cainte (Irish Proverbs and Idioms)
- Staging a Dráma as Gaeilge (Irish Language Drama)
- Hosting Coinní Puipéad (Puppet Meet and Greets) as Gaeilge
- Creating Méimeanna Gaeilge (Irish Language Memes)
Expressions of interest in this scheme can be made by school principals, by emailing: teangabheo@kildarecoco.ie , including the following details:
- School name and the name(s) of the sixth-class teacher(s) who would facilitate the initiative.
- A brief explanation of how sixth-class students in your school would benefit from participating in Scéim na bhFáinní.
- The current number of sixth-class students enrolled in your school.
Places will be allocated to 20 schools based on the responses to question 2, with an equal number of places distributed across each Municipal District.
For further details on Scéim na bhFáinní, please contact the Irish Language Officer, Kildare County Council, by e-mailing teangabheo@kildarecoco.ie
Imeachtaí Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge 
📅 An bhfuil imeacht Gaeilge nó dátheangach á eagrú agat i gContae Chill Dara?
👉 Cláraigh d’imeacht ag www.sceal.ie/claraigh-imeacht/ agus www.cilldaralegaeilge.ie/event-submit/
#AnGhaeilgeIgCillDara #CillDaraAbú
______________________________________________________________________
📅 Are you organising an Irish language or bilingual event in County Kildare?
👉 Please register your event at www.sceal.ie/claraigh-imeacht/ and www.cilldaralegaeilge.ie/event-submit/
#IrishLanguageInKildare #CillDaraAbú
Tá na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge cláraithe ar Scéal.ie
Tá maoiniú d'imeachtaí Gaeilge a reacháiltear le linn Sheachtain na Gaeilge agus ag amanna eile den bhliain ar fáil ó: Home - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge





