Cuid 8 Forbairt
Fógra maidir le Forbairt Bheartaithe ag an Údarás Áitiúil
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú)
Airteagal 81 de Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú)
Tagairt Pleanála: P82024.07
Suíomh: Ar feadh bhealach Ghlasbhealach na Canálach Móire Céim 2 ag Dún Ing Theas agus Baile Ló
Tionscadal: Glasbhealach na Canálach Móire Céim 2 Droichid Bhreise
De réir Chuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn acu an fhorbairt seo a leanas a dhéanamh:
Moltar mar chuid den togra, 2 dhroichead breise a sholáthar ar Chéim 2 de Ghlasbhealach na Canálach Móire. Tá Droichead 1 suite i mBaile Ló, agus tá Droichead 2 suite díreach soir ó Dhroichead Healy (Droichead Bonynge) atá ann faoi láthair.
Ó theorainn Uíbh Fhailí, taistealaíonn coisithe agus rothaithe ar an taobh thuaidh den chanáil. Ag an droichead nua do choisithe (Droichead 1) i mBaile Ló, rachaidh siad trasna na Canálach Móire go dtí an taobh ó dheas. Leanfaidh siad ar aghaidh ansin ar an gcosán tarraingthe uasghrádaithe i dtreo Dhroichead Healy. Beidh siad ag taisteal faoi bhun Dhroichead Healy atá ann cheana féin ar an taobh theas den chanáil agus ag trasnú an droichid nua coisithe (Droichead 2) ar an taobh thuaidh, sula rachaidh siad ar aghaidh go dtí Na Solláin. Cuireann an droichead nua do choisithe ag an mBaile Ló ar chumas úsáideoirí rochtain a fháil ar bhealach Ghormbhealach na Bearú freisin.
Ligeann na droichid bhreise seo rochtain níos sábháilte d’úsáideoirí an Ghlasbhealaigh trí thrasnú agus taisteal feadh codanna contúirteacha den bhóthar poiblí a sheachaint.
Rinneadh Scagadh Measúnaithe Cuí ar an togra faoin Treoir um Ghnáthóga (92/43/CEE), agus faoi fhorálacha ábhartha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Éan agus Nádúrtha), 2011 – 2015. Chinn Comhairle Contae Chill Dara nach mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar Shuíomh Eorpach agus nach bhfuil Measúnú Cuí ag teastáil.
Rinneadh scagadh ar an togra freisin maidir le Measúnú Tionchair Timpeallachta faoi Threoir MTT 2011/92/AE arna leasú le Treoir 2014/52/AE agus forálacha ábhartha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú. Ag féachaint d'fhorálacha na reachtaíochta do chineál agus do scála na forbartha atá beartaithe, don fhaisnéis a sholáthraítear de réir Sceideal 7A de na Rialacháin, agus ag féachaint do scála, do chineál agus suíomh na dtionchar atá beartaithe, do na tionchair ionchasacha agus do na bearta maolaithe atá beartaithe agus do thorthaí aon mheasúnuithe ábhartha eile ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol. Chinn Comhairle Contae Chill Dara nach bhfuil aon fhíor-dhóchúlacht ann go mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol agus nach bhfuil Measúnú Tionchair Timpeallachta ag teastáil. De réir Alt 120 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (arna leasú), féadfaidh aon duine, laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhógra sin, iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh scagtha i dtaobh an dóigh go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt ar an gcomhshaol.
Beidh Pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe, Tag. uimh. P82024.07, ar fáil lena n-iniúchadh nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh le linn gnáth-amanna oscailte ag Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara ó 9:00 am – 5:00 pm. Luan go hAoine ar feadh tréimhse 6 seachtaine ón gCéadaoin, 14 Lúnasa go dtí an Chéadaoin, 25 Meán Fómhair (san áireamh).
Tá sonraí faoin bhforbairt bheartaithe ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara ar líne ag:
https://kildarecoco.ie/AllServices/Planning/Part8Schemes/StrategicProjectsandPublicRealm/index.html nó ón gcód QR ar an bhfógra seo.
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a phléann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina mbeidh an fhorbairt suite, a dhéanamh chuig:
A/Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Foireann um Thionscadail Straitéiseacha agus Réimse Poiblí, An Roinn Tithíochta agus Athghiniúna, Leibhéal 3, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara, nó ar líne ag
https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/grand-canal-greenway-phase-2-proposed-additional-bridges-part-8-p8202407
Ní mór aighneachtaí a dhéanamh tráth nach déanaí ná 5:00 p.m Dé Céadaoin, 25 Meán Fómhair 2024. Ba chóir ‘Cuid 8 Glasbhealach na Canálach Móire Céim 2 Droichid Bhreise atá Beartaithe’ a bheith mar cheannteideal ar gach aighneacht agus tuairim.
Beidh gach tuairim, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a thugann tuairimí don Chomhairle maidir leis an scéim mar a leagtar amach thuas, mar chuid den tuarascáil a cheanglaítear go reachtúil le cur i láthair ag cruinniú de na comhaltaí tofa. Dá réir sin, beidh siad san áireamh freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus d'fhéadfadh siad a bheith le feiceáil san fhearann poiblí.