Fógra faoi Scéim a Bhreithniú d’fhonn Rátaí maidir le Réadmhaoine Folmha a Laghdú
Déanann Alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile 2019 foráil shonrach go bhféadfadh comhaltaí tofa údaráis áitiúil scéim a cheapadh lena ndéantar foráil do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus go gceadófar scéim den sórt sin ag an gcruinniú buiséid údarás áitiúil, i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil ina mbeidh an scéim i bhfeidhm.
Breithneoidh Comhairle Contae Chill Dara (CCCD) scéim a fhorálann do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, a bheadh i bhfeidhm sa bhliain airgeadais 2025.
Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh aighneachtaí scríofa ón bpobal ar an ábhar seo, go háirithe maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag scéim a fhorálann do laghdú ar rátaí ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil, i leith réadmhaoine folmha.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi mheán lae Dé Céadaoin, 04 Meán Fómhair 2024 agus ní mór iad a dhéanamh trí 1) suirbhé ar líne a chomhlánú ag https://consult.kildarecoco.ie nó 2) tríd an bpost chuig an Oifigeach Riaracháin, Rannóg na Rátaí Tráchtála, An Roinn Airgeadais, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara, W91 X77F nó 3) trí ríomhphost a sheoladh chuig rates@kildarecoco.ie.