Bóithre agus Seirbhísí á dTógáil i gCúram
De bhun Alt 180 den Acht Um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú)
agus de réir Alt 11 d'Acht na mBóithre 1993 (arna leasú):
Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Dara ina cáil mar an tÚdarás um Bóithre do Chontae Chill Dara na bóithre, cosáin, soilse poiblí, spásanna oscailte agus córais uisce dromchla a thógáil i gcúram agus na bóithre a fhógairt mar bhóithre poiblí sna heastáit tithíochta a liostaítear thíos, de réir na ngnásanna léirithe agus aighneachta riachtanacha reachtúla:
Uimhir Thagartha. |
Eastát |
Baile |
2132 |
Geata an tSabhaircín |
Cill Droichid |
3315 |
Coill na Rátha |
An Chorrchoill |
Is féidir breathnú ar shonraí an mholta, lena n-áirítear léarscáileanna a thaispeánann na ceantair a mholtar iad a thógáil i gcúram, ar an Tairseach Comhairliúcháin de chuid Comhairle Contae Chill Dara ag Comhairliúcháin | Comhairle Contae Chill Dara (kildarecoco.ie).
Is féidir breathnú ar na cáipéisí seo freisin ag an gcuntar poiblí sa Rannóg Iompair, Soghluaisteachta agus Spásanna Oscailte (Urlár 4) ag Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás idir 9:30 a.m. agus 4:30 p.m., Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) ó Dé Máirt, 11 Meitheamh 2024 go Dé Céadaoin, 10 Iúil 2024 san áireamh. Caithfear coinne a shocrú le breathnú i bpearsa ar na cáipéisí agus is féidir coinne a dhéanamh ag at https://kildarecoco.ie/OnlineBookingSystem/ nó trí ghlaoch a chur ar 045 - 980200.
Is féidir agóidí nó aighneachtaí maidir leis an dtógáil i gcúram atá á moladh a chur isteach trí Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle nó i scríbhinn chuig an Oifigeach Riaracháin, Roinn Rialú Forbartha, Comhairle Contae Chill Dara, Urlár 4, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara. Ba chóir "x” a Thógáil i gCúram a mharcáil ar aighneachtaí scríofa nuair is ionann “x” agus uimhir thagartha agus ainm an eastáit áirithe.
Is é 5:00 p.m. ar Dé Céadaoin, 24 Iúil 2024 an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais.