Bearta Maolaithe Tráchta Molta
Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994
De réir fhorálacha Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici:
Dúnadh buan an rampa feithicle do thrácht feithicle sna Solláin ag acomhal an R407 le hAscaill an Teampaill chun deireadh a chur le crios imbhuailte coinbhleachta idir úsáideoirí soghonta bóithre agus feithiclí mótair, agus chun an réimse poiblí ag an láthair seo a fheabhsú de réir Phlean Ceantair Áitiúil na Sollán.
Tacaíonn beartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla leis an dúnadh agus tá sé de réir phrionsabail an Dearaidh Uilíoch chun feabhsuithe a sholáthar do gach duine a úsáideann an réimse poiblí.
Beidh líníochtaí a thaispeánfaidh na hoibreacha atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas ó Dé Máirt, 11 Meitheamh 2024 go dtí Dé Céadaoin 10 Iúil 2024.
- Suíomh Gréasáin Comhairliúcháin Chomhairle Contae Chill Dara ag
- Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara, Leibhéal 4, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara Dé Luain – Dé hAoine idir na huaireanta 9.00am agus 5.00pm,
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis na hoibreacha molta thuasluaite a dhéanamh nó a chur in iúl ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/section-38-road-traffic-act-1994-permanent-closure-vehicular-traffic-vehicular-ramp-sallins-r407
nó i scríbhinn chuig an: A/Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Iompar, Soghluaiseacht agus Spásanna Oscailte, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhuibhuí, an Nás, Co. Chill Dara W91 X77F
ar nó roimh 17:00pm ar an Dé Céadaoin 10 Iúil 2024
Déan d’aighneacht trí mheán amháin, le do thoil, i.e. i gcóip chrua nó ar líne.