Bearta Maolaithe Tráchta Molta
Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994
De réir fhorálacha Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, tugann Comhairle Contae Chill Dara a fógra rúin leis seo:
Bearta Maolaithe Tráchta, Bóthair an Náis (R411), An Baile Mór, Co. Chill Dara.
Is féidir líníochtaí a léiríonn na hoibreacha atá beartaithe a scrúdú le linn gnáthuaireanta oscailte ó Dé Máirt, an 19 Márta go Dé hAoine, an 19 Aibreán 2024 sna háiteanna seo a leanas:
An Roinn Iompair, Soghluaisteachta agus Spásanna Oscailte, Leibhéal 4, Áras Chill Dara, Páirc an Devoy, An Nás, Co. Chill Dara.
Beidh sé ar fáil freisin le féachaint ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara: https://kildarecoco.ie/AllServices/Roads/Section38TrafficCalmingMeasures/
Is féidir aon agóidí, aighneachtaí nó uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an A/Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Iompar, Soghluaiseacht agus Spásanna Oscailte, Leibhéal 4, Áras Chill Dara, Páirc an Devoy, An Náis, Co. Chill Dara nó go díreach ar an tairseach https://consult.kildarecoco.ie/en ar nó roimh 5:00 p.m. Dé hAoine, an 03 Bealtaine 2024.