Fógra ar Chomhairliúcháin Phoiblí Réamhdhréachta don Phlean Limistéir Áitiúil Mhainistir Eimhín 2025-2031
De réir Alt 20 (1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), bheirtear fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Chontae Chill Dara Plean Limistéir Áitiúil a ullmhú do cheantar Mhainistir Eimhín. Is doiciméad reachtúil é Plean Limistéir Áitiúil lena leagtar amach an straitéis um thalamhúsáid maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe limistéir.
Chun plé agus rannpháirtíocht phoiblí a spreagadh ag an gcéim seo den phróiseas seo, ullmhaíodh Páipéar Buncheisteanna chun na príomhcheisteanna pleanála a bhaineann le Mainistir Eimhín a leagan amach. Tá cóip den Pháipéar Buncheisteanna ar fáil ag na háiteanna seo a leanas le hiad a íoslódáil agus/nó iniúchadh a dhéanamh orthu ó Dé Máirt, an 9 Aibreán go dtí Dé Céadaoin, an 22 Bealtaine 2024 an dá lá sin san áireamh:
- Ar líne ag: https://consult.kildarecoco.ie/en/browse
- Leabharlann Mhainistir Eimhín, Plás an Mhuilinn Uisce, Mainistir Eimhín, Co. Chill Dara, W34 F6P6
- An Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara.
Beidh foireann Chomhairle Chontae Chill Dara ar fáil chun ceisteanna ginearálta a fhreagairt agus chun comhairle a thabhairt maidir leis an gcomhairliúchán réamhdhréachta agus an próiseas um phleananna a dhéanamh ag an imeacht ‘buail isteach’ san Ionad Pobail Mhainistir Eimhlín, Mainistir Eimhlín ó 4:00 p.m. go 8:00 p.m. Déardaoin, an 16 Bealtaine 2024.
Tá aighneachtaí á lorg ag Comhairle Chontae Chill Dara anois ó pháirtithe leasmhara i ndáil leis an bPáipéar Buncheisteanna roimh 4:00 p.m. Dé Céadaoin, an 22 Bealtaine 2024. Ba cheart go mbeadh d’ainm agus do sheoladh luaite ar d’aighneacht, agus nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á d(h)éanamh air. Tá fáilte roimh leanaí nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneachtaí a dhéanamh. Cuir isteach d’aighneacht ar cheann de na bealaí seo a leanas amháin le do thoil (Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha nó le haighneachtaí a sheolfar ar ríomhphost nó ar facs):
- Ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/browse; nó
- I scríbhinn chuig an Oifigeach Feidhmeannach Sinsearach, an Roinn Pleanála, Comhairle Chontae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara.
Déanfar tuarascáil ar na haighneachtaí a gheofar a ullmhú agus áireofar ann ainmneacha na ndaoine sin a rinne aighneachtaí. Foilseofar an tuarascáil seo ar ár suíomhanna gréasáin. Is féidir sonraí maidir le do theidlíochtaí agus d’oibleagáidí príobháideachais faoi RGCS a léamh anseo: www.kildarecoco.ie/YourCouncil/GovernanceandCompliance/DataProtection/
Is deis í seo do thuairim a chur in iúl maidir le forbairt i do cheantar sa todhchaí. Táimid ag tnúth le cloisteáil uait. Spriocdháta le haghaigh aighneachtaí: 4:00 p.m. Dé Céadaoin, an 22 Bealtaine 2024.
Sínithe:
Alan Dunney,
Stiúrthóir Seirbhíse,
Pleanáil, Fiontar, Forbairt Eacnamaíochta agus Seirbhísí Éigeandála,
Comhairle Chontae Chill Dara