Comhairliúchán Poiblí
Dréachtphlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn 2024-2028
D’ullmhaigh Comhairle Contae Chill Dara Dréachtphlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn do chodanna de phríomhbhóithre ina gceantair fheidhmiúcháin a mbíonn níos mó ná 3 mhilliún turas feithicle orthu in aghaidh na bliana.
Is riachtanas é Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn mar chuid den Treoir maidir le Torann Comhshaoil (‘END’) (2002/49/CE), a bhfuil sé mar aidhm aici córas uile-Eorpach a chur i bhfeidhm chun foinsí torainn comhshaoil a shainaithint, an pobal a chur ar an eolas faoi shonraí torainn ábhartha agus na céimeanna riachtanacha a dhéanamh chun nochtadh torainn a sheachaint, a chosc nó a laghdú. Rinneadh an END a thrasuí i ndlí na hÉireann leis na Rialacháin um Thorann Comhshaoil 2006 (I.R. 140/2006) (na ‘Rialacháin’), atá athbhreithnithe agus cúlghairthe le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Comhshaoil) 2018 (I.R. 549/2018) agus rinneadh iad a leasú trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Comhshaoil) (Leasú), 2021 (I.R. 663/2021).
Tá sonraí ar na codanna de bhóithre san áireamh sa Dréachtphlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn. Tabhair faoi deara nach n-áirítear sa Dréachtphlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn seo torann ó ghníomhaíochtaí tí, torann a chruthaíonn comharsana agus torann ag ionaid oibre.
Beidh an Dréachtphlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn ar fáil lena scrúdú ag an bpobal (gan an deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc san áireamh) le linn ghnáthuaireanta oscailte ó Dé Máirt, 15 Deireadh Fómhair 2024 go dtí Dé Céadaoin, 27 Samhain 2024 ag an Rannóg Iompair, Comhairle Contae Chill Dara, Leibhéal 4, An Roinn Iompair, Soghluaisteacht agus Spásanna Oscailte, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F.
Beidh an Dréachtphlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn ar fáil freisin lena scrúdú ar Thairseach Comhairliúcháin Phoiblí Shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara: https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/draft-noise-action-plan-2024-2028-kildare-county-council
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an Dréachtphlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn 2024-2028 a athbhreithniú ar líne ag an tairseach comhairliúcháin phoiblí thuas nó i scríbhinn chuig: A/Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin, An Roinn Iompair, Soghluaisteacht agus Spásanna Oscailte, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F ar nó roimh 5:00 p.m. ar Dé Céadaoin, 11 Nollaig 2024.
Iarrtar ort d’aighneacht a sheoladh ar aon mhodh amháin i.e. i gcruachóip nó ar líne.