Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra de réir Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfaidh sí an bóthar seo a leanas go tréimhsiúil le linn na tréimhse dar tús an 23 Aibreán 2024 go dtí an 17 Bealtaine 2024 chun athdhromchlú agus cothabháil an ghréasáin bóithre a éascú.
Uimh. |
Bóthar le Dúnadh |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad Dúnta (aon tráth ar leith) |
1 |
L2021 Baile Éide/An Ráth Mhór |
R410 ag Acomhal an Bhaile Éide |
L6038 Acomhal na Ráithe Móire |
5 lá |
Bealaí Eile: TRÍ; 1. R410 - L2019 - L6038 2. L6038 - L2019 - R410 Baile Éide - An Ráth Mhór Déanfar trácht ó thuaidh a bheidh ag taisteal ó mBaile Éide go dtí An Ráth Mhór ar an R410 ag acomhal Bhaile Éide a atreorú feadh Bhóthar Bhaile Coimín an R410 ag dul siar i dtreo Chrosaire Beggers End, sula gcasfar ar dheis i dtreo Bhaile Héine feadh Bhóthar an L2019 sula dtreorófar é ar dheis ar an L6038 Bóthar na Ráithe Móire ag dul ó dheas i dtreo an acomhail ag crosbhóthar na Ráithe Móire, áit a gcríochnaíonn an t-atreorú. An Ráth Mhór - Baile Éide Déanfar trácht ó dheas a bheidh ag taisteal ón Ráth Mhór go dtí Baile Éide ar an L6038 a atreorú feadh Bhóthar na Ráithe Móire an L6038 ag dul ó thuaidh go dtí a hacomhail leis an L2019, agus ansin ag casadh ar chlé ag dul siar trí Bhaile Héine sula sroichfidh sé acomhal ag Beggers End le Bhóthar Bhaile Coimín an R410, agus ansin ag casadh i dtreo Bhaile Éide feadh Bhóthar Bhaile Coimín an R410 ag dul soir i dtreo Acomhail Bhaile Éide, áit a gcríochnaíonn an t-atreorú. |
Comharthófar malairtí treo go soiléir, mar atá aontaithe leis an gComhairle agus An Garda Síochána. Beidh rochtain éigeandála agus rochtain theoranta áitiúil fós ann.