Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra de réir Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfaidh sí an bóthar seo a leanas go tréimhsiúil le linn na tréimhse dar tús Dé Máirt, 23 Aibreán 2024 go dtí Dé hAoine, 17 Bealtaine 2024 chun athdhromchlú agus cothabháil an ghréasáin bóithre a éascú.
Bóthar le Dúnadh |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon uair ar leith) |
|
1 |
R413 Baile na mBreatnach - Bóthar an Bhaile Mhóir |
R412 / R413 Sráidbhaile Bhaile na mBreatnach |
R413 / R411 Broiléith |
5 lá |
Bealaí Eile: Trácht soir i Sráidbhaile Bhaile na mBreatnach téigh ó thuaidh ar an R412 go Crosaire Charn Almhaí. Cas ar dheis ag dul soir ar an L6074 ag leanúint soir feadh L6074 sula gcasann tú ar chlé ar an L6047 go Sráidbhaile an Bhaile Mhóir. I Sráidbhaile an Bhaile Mhóir ag acomhal L6047 / R411, cas ar dheis ag dul ó dheas ar an R411 isteach i gCearnóg an Mhargaidh. Ag Cearnóg an Mhargaidh cas ar dheis ag fanacht ar an R411 ag dul ó dheas i dtreo acomhal an R411 / R413 ag Broiléith, áit a gcríochnaíonn an t-atreorú. Rachaidh trácht siar ag Broiléith ag acomhal an R411 / R413 ar an R411 i dtreo Sráidbhaile an Bhaile Mhóir ag acomhal an R411 / L2024 cas ar chlé agus taisteal isteach i Sráidbhaile an Bhaile Mhóir ar an R411 isteach i gCearnóg an Mhargaidh. Ag Cearnóg an Mhargaidh cas ar chlé ag fanacht ar an R411 ar feadh 0.4km agus ag acomhal an R411 / L6047 cas ar chlé ar an L6047 ag leanúint siar feadh L6047 roimh casadh ar dheis ar an L6074 agus taisteal siar go dtí Crosaire Charn Almhaí. Ag Crosaire Charn Almhaí cas ar chlé ar aghaidh go dtí an R412 ag dul ó dheas i dtreo Sráidbhaile Bhaile na mBreatnach ag acomhal an R412 / R413 Sráidbhaile Bhaile na mBreatnach, áit a gcríochnaíonn an t-atreorú. |
Beidh comharthaíocht shoiléir ar bhealaí atreoraithe, mar a chomhaontaítear leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coimeádfar rochtain éigeandála agus rochtain theoranta áitiúil.