Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara, thar ceann GMC Utilities Group/Uisce Éireann, fógra i gcomhréir le hAlt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfar an bóthar seo a leanas ar Dé Luain, 12 Bealtaine 2025 agus Dé Máirt, 13 Bealtaine 2025 chun nasc uisce óil CDS nua a éascú.
Uimh. |
Bóthar le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon am ar leith) |
|
1 |
Green Alley |
Sráid an Diúic |
Taobh na Canála |
Dé Luain, 12 Bealtaine 2025 agus Dé Máirt, 13 Bealtaine 2025 ó 08:00 a.m. go dtí 23:00 p.m. |
|
Bealaí eile: |
Coinneofar an rochtain áitiúil ag acomhal Thaobh na Canála le Green Alley. Beidh an bealach atreoraithe feadh Shráid an Diúic ag casadh ar chlé isteach ar Thaobh na Canála ag leanúint an bhóthair go dtí Lána an Chlochair ag dul isteach ar Shráid an Diúic arís. |
||||
Beidh comharthaí soiléire ar bhealaí atreoraithe, mar a comhaontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coinneofar rochtain éigeandála agus rochtain shrianta áitiúil.