Fógra Maidir le Fachtóir Aitiúil an Choigeartaithe a Bhunú don Bhliain 2026
Déanann an tAcht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áititúil) 2012 (arna leasú), foráil ar leith gur féidir leis na comhaltaí tofa de chuid údaráis áitiúil rún foirmiúil a rith chun bunráta an Cháin Mhaoine Áitiúil a athrú maidir lena limistéar riaracháin de réir céatadán ar a dtugtar fachtóir áitiúil an choigeartaithe. Ag an gcruinniú a reáchtálann Comhairle Contae Chill Dara chun an t-ábhar seo a bhreithniú, is féidir leis na comhaltaí fachtóir áitiúil an choigeartaithe a shocrú laistigh den raon +/-15% den bhunráta, nó is féidir leo a chinneadh gan aon choigeartú a dhéanamh ar an mbunráta.
Tiocfaidh Comhairle Contae Chill Dara le chéile i mí Iúil 2025 le haghaidh fachtóir áititúil an choigeartaithe a mheas.
Cuireann Comhairle Contae Chill Dara fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal ar an ábhar seo a chlúdaíonn ar leith na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bhaint le hathrú ar bhunráta na Cánach Maoine Áititúil ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí an údaráis áitiúil.
Is í tréimhse na n-aighneachtaí ná Dé Máirt, 3 Meitheamh 2025 go 5:00 p.m. Dé hAoine, 4 Iúil 2025.
Ní mór gach aighneacht a fháil faoi 5pm Dé hAoine, 4 Iúil 2025 agus is féidir a leithéid a dhéanamh trí shuirbhé ar líne a chríochnú ag https://consult.kildarecoco.ie/
trína sheoladh sa phost chuig: LPT, Finance Department, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co Chill Dara. W91 X77F.
nó trí ríomhphost chuig lptsubs@kildarecoco.ie
Sonya Kavanagh
Príomhfheidmeannach
Dé Máirt, 3 Meitheamh 2025
Cuirfear gach trácht, lena n-áirítear ainmneacha agus seoltaí iad siúd a roinn a gcuid tuairimí, faoi bhráid na Comhairle maidir le próiseas seo an chomhairliúcháin mar chuid den tuarascáil a bhfuil éileamh reachtúil uirthi a chur os comhair cruinniú de chuid Chomhairle Contae Chill Dara. Dá réir sin, cuirfear san áireamh iad freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus beidh siad le feiceáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle.