Fógra Toghcháin
Táthar ar tí toghchán a reáchtáil chun comhaltaí do gach aon cheann de thoghlimistéir áitiúla a thoghadh don údarás áitiúil atá luaite thuas. Is iad na toghcheantair áitiúla Baile Átha Í, Cill Droichid, Claonadh, Cill Dara, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, An Nás agus Droichead Nua.
Is féidir páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn gnáthuaire oifige.
Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán nó féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir rialtais aitiúil i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú, lena thoiliú nó lena toiliú i scríbhinn.
Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin ó iarrthóir páirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear é a thabhairt ar aird domsa lena fhoirm/lena foirm ainmniúcháin chomhlánaithe.
Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh:–
- cúig aontú dhéag leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cláraithe sa toghlimistéar áitiúil ábhartha (tá na foirmeacha ar fáil uaimse nó ón údarás cláraithe), nó
- éarlais de €100 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin).
Is é 12:00 p.m. ar Dé Sathairn, 18 Bealtaine 2024 an t-am is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Is féidir leis an iarrthóir nó lena mholtóir/a moltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh chugam i bpearsa tráth ar bith a bhím i m’oifig, ó 10:00 a.m. Dé Sathairn, 11 Bealtaine 2024, go 12:00 p.m. ar an lá is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Tá ceangal orm faoin dlí a bheith i láthair le glacadh le hainmniúcháin idir 10:00 a.m. agus 12:00 p.m. agus idir 2:00 p.m. agus 5:00 p.m. Dé hAoine, 17 Bealtaine 2024 agus idir 10:00 a.m. agus 12:00 p.m. Dé Sathairn, 18 Bealtaine 2024.
Má bhíonn toghchán comhraic ann, reáchtálfar vótaíocht Dé hAoine, 07 Meitheamh 2024 idir 7:00 a.m. agus 10:00 p.m.
Eoghan Ó Riain
An Ceann Comhairimh
Seoladh: Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Contae Chill Dara, W91 X77F.
Dáta: Dé Céadaoin, 10 Aibreán 2024.