Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú)
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú)
Fógra Glactha maidir le hAthrú Uimh. 1 ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 – Plean Lonnaíochta Chill Chuillinn
Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 13 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) gur ghlac Comhairle Contae Chill Dara, ag a Cruinniú Pleanála Speisialta ar Dé Luain, 31 Márta 2025, Athrú (Athrú Uimh. 1) ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 – Plean Lonnaíochta Chill Chuillinn.
An chúis atá leis an tuarascáil ar an athrú beartaithe ná Plean Lonnaíochta a chur ar fáil do Chill Chuillinn in ionad Phlean Ceantair Áitiúil (PCÁ) Chill Chuillinn 2014 - 2020, lena gcuirfear ráiteas scríofa agus cuspóirí mapáilte san áireamh chun creat beartais phleanála soiléir a chur ar fáil do Chill Cuilinn chun pleanáil agus forbairt inbhuanaithe an bhaile a threorú sa todhchaí. Tá an Plean Lonnaíochta ailínithe le spriocanna fáis agus cuspóirí beartais Náisiúnta, Réigiúnach agus Contae reatha, Croístraitéis Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 san áireamh.
Tá cóipeanna den Phlean Forbartha, arna athrú, ar fáil chun iad a imscrúdú mar seo a leanas:
- Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara ó Luan go hAoine, taobh amuigh de laethanta saoire poiblí, ó 9:00 a.m. go 4:00 p.m.
- Ar ár suíomh gréasáin https://kildarecoco.ie/AllServices/Planning/DevelopmentPlans/