An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004 - Alt 10
R148 sna bailte fearainn seo a leanas; Maigh Nuad, Domhnach Mór, An Cartún, Baile an Bhlácaigh agus Cill Mochriodóg Íochtarach.
Déanann Comhairle Contae Chill Dara an tOrdú seo a leanas, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar di faoi Alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004 agus ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre, i dtaca leis an gceantar mar atá, contae riaracháin Chill Dara;
Ordú Luasteorann Oibreacha Bóthair Chontae Chill Dara KCC01/2024 is teideal don ordú seo.
Is é 50 ciliméadar san uair an Luasteorainn Oibreacha Bóthair d'fheithiclí inneallghluaiste ar na bóithre mar a shonraítear san ordú seo;
Bóithre a bhforordaítear Luasteorainn Oibreacha Bóthair 50 ciliméadar san uair ina leith:
Cuid den R148 sna bailte fearainn seo a leanas; Maigh Nuad, Domhnach Mór, An Cartún, Baile an Bhlácaigh agus Cill Mochriodóg Íochtarach.
- Cuid den R148 soir ó Mhaigh Nuad ó phointe 95 méadar siar ó lár Acomhal Dhroichead Phíc (R157)/Acomhal L5053 go hiarthar Léim an Bhradáin ag pointe 225 méadar siar ó lár Bhaile Uí Cheallaigh (L1014)/Acomhal R148.
(Fad 1,600m san iomlán).
Chuir an Garda Síochána in iúl nach bhfuil aon tada acu i gcoinne an Ordú Luasteorann Oibreacha Bóthair seo.
Beidh feidhm ag an Ordú Luasteorann Oibreacha Bóthair ón Luan, 07 Deireadh Fómhair 2024 go dtí Aoine, an 28 Márta 2025.