Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara an 15ú Féile Bhliantúil Léitheoirí Chill Dara 2024
Tá chuile imeacht ar Chlár na Féile Liteartha Saor in Aisce do chách
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara a dheimhniú go bhfillfidh Féile Léitheoirí Chill Dara ar ionaid éagsúla fud fad an chontae ón 9 Deireadh Fómhair go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2024.
Ceiliúradh ar an bhfocal scríofa is ea Léitheoirí Chill Dara a reáchtáltar i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus, trí mheán na féile seo, tugtar deis don phobal nascadh le léitheoirí agus le scríbhneoirí araon.
Beidh rud éigin i bhFéile Léitheoirí Chill Dara a oirfidh don uile dhuine - cuma má tá go leor taithí agat ar bheith ag léamh nó más amhlaidh atá tú ag tosú amach ar do thuras liteartha. Tá ócáid a mbíonn an-tóir uirthi dar teideal ‘Ten Books You Should Read’, leis an staraí sóisialta Catherine Corless agus le Abie Philbin Bowman mar chuid de sceideal na bliana seo. Tá ‘Sunday Sessions: Lives within Families’ le Dermot Bolger ar an gclár arís agus beidh an t-údar mór le rá Claire Kilroy agus comhstiúrthóir Ionad Ealaíon Linenhall, Fiona Neary, i dteannta Dermot i mbliana. Bí linn do chaint ó dhuine de na staraithe is cáiliúla in Éirinn, an tOllamh Diarmad Ferriter, a labhróidh faoi chuid de na hábhair a ndearna sé iniúchadh orthu don leabhar is déanaí uaidh ‘The Revelation of Ireland’.
Cúis bhróid dúinn fáilte a chur roimh chuid de na guthanna nua is spreagúla de chuid litríocht na hÉireann, lena n-áirítear na húdair nua Niamh Mulvey agus Maggie Armstrong. Tá clár iontach imeachtaí curtha i dtoll a chéile againn lena n-áirítear Sinéad Gleeson, Sara Baume, Mike McCormack, Olivia Fitzsimons, Aingeala Flannery agus Jan Carson. Déanfar ceiliúradh ar litríocht na Gaeilge ag an ócáid ‘An Tolg Liteartha’, áit a gcuirfidh an craoltóir Tristan Rosenstock buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2024 faoi agallamh. Táimid ag súil le tráthnóna ceoil, filíochta, litríochta agus amhránaíochta ag an ócáid ‘Oíche Airneál sa Leabharlann’ i Leabharlann & Ionad Cultúrtha an Náis.
An Clár Iomlán agus na Meáin Shóisialta:
Tá clár iomlán na n-imeachtaí agus na n-ionad rannpháirteach d'Fhéile Léitheoirí Chill Dara 2024 ar fáil ar http://www.kildarereadersfestival.ie/
Glac páirt sa Chomhrá ar
Instagram - @kildarereadersfestival
Facebook - /KildareReadersFestival
Twitter/X - @kildarereaders
#FéileLeitheoiríChillDara#KRF2024
Táimid tiomanta do rochtain ar imeachtaí na Féile do chách a dheimhniú. Tá na himeachtaí go léir saor in aisce. Is féidir áirithintí a dhéanamh ag Oifig na dTicéad, Ionad Ealaíon an Riverbank ar 045 448327 / www.riverbank.ie
*Tabhair faoi deara go mbaineann táille áirithinte €1 le háirithintí ar líne.