Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach nua ceaptha ag Comhairle Contae Chill Dara
Dé hAoine, 21 Meitheamh 2024: Cheap comhaltaí tofa Chomhairle Contae Chill Dara an Comhairleoir Joe Neville mar Chathaoirleach agus an Comhairleoir Kevin Duffy mar Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Chill Dara ag cruinniú bliantúil na Comhairle a reáchtáladh i Seomra na Comhairle, Áras Chill Dara inniu.
Tiocfaidh an bheirt nuathofa i gcomharbacht ar an gCathaoirleach, an Comhairleoir Daragh Fitzpatrick, agus ar an Leas-Chathaoirleach, an Comhairleoir Tracey O’Dwyer, a bhfuil a dtéarmaí oifige istigh.
Bronnadh an slabhra oifige ar an gComhairleoir Neville agus ar an gComhairleoir Duffy ag cruinniú an lae inniu. Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag an gComhairle nua - comhairle a toghadh sna toghcháin áitiúla le déanaí. Beidh an bheirt nuathofa ag fónamh mar Chathaoirleach agus mar Leas-Chathaoirleach ar feadh bliana. Tháinig an dá cheapachán i bhfeidhm díreach tar éis chruinniú an lae inniu.
An tseachtain seo chugainn, ag cruinnithe na gCeantar Bardasach, a cheapfar Cathaoirleach nua, Leas-Chathaoirleach nua, Méara nua agus Leas-Mhéara nua ar choistí gach ceann de na cúig Cheantar Bhardasacha i gCill Dara.