Tá Comhairle Contae Chill Dara ag spreagadh daltaí fud fad Chill Dara chun clárú do Chlár Fiontraíochta na nDéagóirí is Fearr in Éirinn
Spreagtar scoileanna dara leibhéal ar fud Chill Dara chun clárú do Chlár Fiontraíochta do Dhaltaí na bliana seo. Trí mheán an chláir seo, bunóidh agus riarfaidh os cionn 28,000 dalta timpeall na tíre mionghnó le linn na bliana acadúla.
Tá Clár Fiontraíochta do Dhaltaí Chill Dara faoi stiúir Oifig Fiontair Áitiúil Chomhairle Contae Chill Dara. Tá an Clár ar oscailt do chlárúcháin don bhliain acadúil 2024/25 agus tá catagóirí nua spreagúla curtha leis an gcomórtas:
- 5 chatagóir iontrála nua (Gnóthaí Eachaí, Athchúrsáil, Na Meáin Dhigiteacha, Spórt, Sláinte agus Sábháiteacht) agus roghnófar buaiteoir as gach catagóir
- Gradam: An Scoil is Nuálaí i gCill Dara
- I mbliana, cuirfidh fiontraithe atá lonnaithe i gCill Dara meantóireacht ar fáil do na daltaí
- Gheobhaidh gach dalta/foireann aiseolas agus treoir aonair maidir lena smaointe ó fhoireann comhairleoirí gnó san Oifig Fiontair Áitiúil
Tá Oifig Fiontair Áitiúil Chomhairle Contae Chill Dara tiomanta do chothú agus forbairt scileanna fiontraíochta na chéad ghlúine eile inár gcontae.
Is tionscnamh oideachasúil agus spraíúil é an Clár atá in oiriúint don churaclam staidéir ghnó ag an leibhéal sóisearach agus sinsearach araon agus, i rith na bliana acadúla, tugtar deis do na daltaí taithí phraiticiúil a fháil ar a ngnólachtaí féin a bhunú agus a riar.
Tá an Clár Fiontraíochta do Dhaltaí mar phríomhchuid den fhéilire mheánscoile i gCill Dara le breis agus 20 bliain anuas. Leanann go leor daltaí ar aghaidh lena dturas fiontraíochta i bhfad tar éis dóibh an scoil a fhágáil agus fágann siad a lorg féin ar shaol an ghnó.
Ba mhaith le hOifig Fiontair Áitiúil Chill Dara smaointe gnó a iniúchadh, go háirithe sna catagóirí tráthúla agus feiceálacha seo:
- Eachaí
- Athchúrsáil
- Meáin Dhigiteacha
- Spórt
- Sláinte agus Sábháilteacht
Dúirt Jacqui McNabb, Ceann na Fiontraíochta, na Turasóireachta agus na Forbartha Eacnamaíche, Comhairle Contae Chill Dara an méid seo; “Thugamar isteach cuid de shaineolaithe tionscail Chill Dara chun oibriú leis na fiontraithe uaillmhianacha seo, agus chun iad a spreagadh le smaoineamh go dáiríre ar an bhfiontraíocht mar ghairm bheatha don todhchaí. Tá an fhiontraíocht tábhachtach do dhaltaí ós rud é go bhforbraíonn an fhiontraíocht fíorscileanna ceannaireachta agus comhoibrithe, atá cabhrach agus tábhachtach i réimsí éagsúla. Is iad daltaí an lae inniu ceannairí an lae amárach, nó sa chás seo, fiontraithe an lae amárach.” (Aistrithe go Gaeilge)
Reáchtáiltear an Clár trí líonra na nOifigí Fiontair Áitiúil, le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann agus na húdaráis áitiúla, agus cabhraíonn comhordaitheoirí áitiúla i ngach ceantar le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí i rith na bliana. Ar an gcaoi sin, cothaítear an fhiontraíocht i measc daltaí agus tugtar deis dóibh príomhscileanna a shealbhú - scileanna a sheasfaidh dóibh sa todhchaí.
Tá réimse nua acmhainní ar líne curtha ar fáil ag an gClár Fiontraíochta do Dhaltaí don bhliain acadúil 2024/2025 ag www.StudentEnterprise.ie, agus beidh blaganna rialta agus réimse iomlán acmhainní i ndáil le Fiontraíocht do Dhaltaí agus do mhúinteoirí san áireamh.
Más mian leat do scoil féin a chlárú don Chlár Fiontraíochta do Dhaltaí, téigh chuig https://www.studententerprise.ie/register/