Deis le tapú: Clár Malartaithe Chill Dara- Lexington do dhaltaí á reáchtáil arís don bhliain 2025
Tá Contae Chill Dara nasctha le Lexington, Kentucky i Meiriceá ón mbliain 1984 i leith. Cathair álainn is ea Lexington agus tá daonra de thart ar 300,000 ann. Ceann de na gnéithe is rathúla de nascadh Chill Dara le Lexington ná an malartú bliantúil daltaí, a thugann deis do dhaltaí ó Chill Dara am a chaitheamh i Lexington agus fáilte a chur roimh dhaltaí as Lexington go dtí a dtithe féin anseo i gCill Dara.
Beidh an clár malartaithe rathúil seo do dhaltaí, de chuid Chomhairle Contae Chill Dara, á reáchtáil arís in 2025, agus táimid ag tabhairt cuireadh do thuismitheoirí/caomhnóirí na ndaltaí a bhfuil suim acu sa chlár, le hiarratas a chur isteach. Chun tús a chur leis an bpróiseas iarratais, tabhair cuairt ar: https://submit.link/2UX.
Is é Dé hAoine, 6 Nollaig 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Bíonn an malartú ar siúl le linn laethanta saoire an tsamhraidh agus glacann daltaí - ó iliomad scoileanna timpeall Chill Dara agus atá 16 bliana d'aois nó os a chionn - páirt sa chlár gach bliain.
Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar http://kildarecoco.ie/Allservices/community/studentexchange/ nó seol ríomhphost chuig kildarestudentexchange@kildarecoco.ie.