Do Lá sa Chomhairle 2025 á cheiliúradh ag Comhairle Contae Chill Dara
Dé hAoine, 27 Meitheamh - Téama: Pobail Níos Láidre a Fhorbairt
26 Meitheamh 2025: Beidh Comhairle Contae Chill Dara agus údaráis áitiúla ar fud na hÉireann ag ceiliúradh ‘Do Lá Sa Chomhairle’ ar an Aoine 27 Meitheamh. Feachtas náisiúnta atá anseo a chuireann obair ríthábhachtach na gcomhairlí cathrach agus contae chun cinn mar aon leis na daoine a chuireann na seirbhísí ar fáil agus a thacaíonn lenár bpobail gach lá.
Comhordaithe ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus tacaithe ag na 31 údarás áitiúil go léir, is deis é ‘Do Lá sa Chomhairle’ chun an raon leathan seirbhísí a chuireann comhairlí ar fáil a léiriú - idir spásanna pobail agus pleanála, daonlathas áitiúil agus forbairt eacnamaíoch.
Leagann téama na bliana seo ‘Pobail Níos Láidre a Fhorbairt’, béim ar an gcaoi a gcothaíonn údaráis áitiúla timpeallachtaí ina mbraitheann daoine nasctha, tacaithe agus cumhachtaithe chun bheith rathúil.
Moltar don phobal imeachtaí an lae a leanúint ar Facebook: Kildare County Council, Instagram: @KildareCoCo, X: @KildareCoCo agus páirt a ghlacadh sa chomhrá ag baint úsáid as na haischlibeanna #YourCouncilDay agus #DoLáSaChomhairle.
“Is deis luachmhar é ‘Do Lá sa Chomhairle’ chun aird a tharraingt ar an raon leathan seirbhísí a chuireann Comhairle Contae Chill Dara ar fáil agus chun aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá againn maidir le tacú leis an saol laethúil ar fud Chill Dara,” a dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach. “Leagann téama na bliana seo, ‘Pobail Níos Láidre a Fhorbairt’, béim ar a bhfuil ríthábhachtach don rialtas áitiúil. Cuirimid breis is 1,000 seirbhís ríthábhachtach ar fáil a bhaineann le gach gné den saol laethúil. Glantachán sráide, cothabháil bóithre, tithíocht, pleanáil uirbeach, maoir mhadraí, bainistíocht páirceanna, seirbhísí dóiteáin, na healaíona agus oidhreacht, turasóireacht agus imeachtaí pobail — níl ansin ach léargas beag ar an obair fhairsing a dhéanann ár n-údaráis áitiúla gach lá. Is a bhuí le díograis agus dianobair ár bhfoirne údaráis áitiúil a chuirtear na seirbhísí sin ar fáil agus is deis é ‘Do Lá sa Chomhairle’ chun léargas a thabhairt ar a gcúnamh, chun a dtionchar a cheiliúradh agus chun aird a tharraingt ar an ról ríthábhachtach atá ag comhairlí áitiúla maidir lenár bpobail a neartú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Le teann bróid a thacaíonn Comhairle Contae Chill Dara le daoine agus áiteanna chun fás, nascadh agus a bheith rathúil le chéile.”
Shonraigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Dara, an Comhairleoir Carmel Kelly an méid seo: “Is meabhrúchán cumhachtach é ‘Do Lá Sa Chomhairle’ ar an ról riachtanach atá ag an gComhairle i saol laethúil ár gcónaitheoirí. Idir pháirceanna agus leabharlanna a chothabháil agus tacú le gnólachtaí áitiúla agus grúpaí pobail, baineann ár gcuid oibre le gach gné den saol i gContae Chill Dara. Is éard atá i gceist leis an lá seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine a chuireann na seirbhísí sin ar fáil agus an nasc idir an chomhairle agus na pobail a bhfreastalaímid orthu go bródúil a chur chun cinn.”