Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara an Chéad Fhéile Ionchuimsitheachta do Chontae Chill Dara riamh — 2025
Ag Ceiliúradh an Mhíchumais agus an tIonchuimsiú i gContae Chill Dara
09 Aibreán 2025: I gComhairle Contae Chill Dara, bímid ag obair go leanúnach chun constaicí a shárú agus chun cur le hathruithe dearfacha do dhaoine i gContae Chill Dara atá faoi mhíchumas. I gcomhar le Líonra Rochtana Chontae Chill Dara (CKAN) agus comhpháirtithe, Nua Healthcare Services, Comhpháirtíocht Spóirt Chill Dara, Barretstown agus Ráschúrsa an Churraigh, ábhar mórtais dúinn is ea a bheith ag fógairt sheoladh oifigiúil na chéad Fhéile Ionchuimsitheachta do Chontae Chill Dara — ócáid shuntasach a cheiliúrann míchumas, ionchuimsiú agus an mianach gan srian a bhíonn i ndaoine de gach uile chumas.
Beidh an fhéile ar siúl ar an Domhnach, 11 Bealtaine 2025, ó 11:00 AM go 4:00 PM ag Ráschúrsa an Churraigh. Tá mar aidhm ag an imeacht pobail saor in aisce seo cultúr ionchuimsitheacha a chothú, agus mhianach gan srian daoine aonair de gach uile chumas a cheiliúradh trí mheán gníomhaíochtaí tarraingteacha, léirithe beo, agus idirghníomhaíochtaí pobail a mbaineann fiúntas leo.
Ag labhairt dó ag seoladh na féile, dúirt Michael Hurley, Oifigeach Rochtana, Comhairle Contae Chill Dara agus Cathaoirleach Líonra Rochtana Chontae Chill Dara (CKAN); “Tá an-áthas orainn an fhéile seo a chur ar fáil den chéad uair, áit a gcuirfear cumas a thaispeáint, a ndéanfar constaicí a shárú, agus a dtabharfar daoine le chéile i dtimpeallacht atá fíor-ionchuimsitheach. Tugaimid cuireadh do gach duine a bheith in éineacht linn le haghaidh lá lán le spraoi, rannpháirtíocht agus ceiliúradh.” (Aistrithe go Gaeilge)
Tá Comhairle Contae Chill Dara buantiomanta do chruthú deiseanna a chuireann an ionchuimsitheacht agus an inrochtaineacht chun cinn do chách. Is céim shuntasach í Féile Ionchuimsitheachta Chill Dara i dtreo na haontachta, i dtreo meas agus ceiliúradh a chothú sa phobal.
Buaicphointí na Féile:
Beidh rannpháirtithe in ann taitneamh a bhaint as réimse leathan gníomhaíochtaí a bheidh oiriúnach do gach aois agus cumas, lena n-áirítear:
- Láthair Spraoi Teaghlaigh: Beidh iliomad gníomhaíochtaí tarraingteacha do leanaí agus do theaghlaigh ar fáil anseo.
- Seastáin Taispeántais agus Láthair Soláthraithe Seirbhíse: Cuirfear seirbhísí, tacaíochtaí agus eagraíochtaí áitiúla ar taispeáint anseo.
- Láthair Spóirt Ionchuimsitheach: Beidh daoine in ann taithí a fháil ar spóirt oiriúnaithe
- Meandair Dhraíochta Bhaile Bhairéad: Deis do theaghlaigh a bheas anseo le taithí a fháil ar ‘Dhraíocht Barretstown’, trí mheán clár teiripeach spraoi do gach aois.
- Siamsaíocht Bheo: Tá sceideal bríomhar leagtha amach ina mbeidh seisiúin cheoil, seó draíochta agus puipéad, agus aonach siamsaíochta cluichí.
- Bia Ceardaí agus Margadh Ceardaíochta: Beidh táirgeoirí bia agus ceardaithe áitiúla ag an láthair anseo.
- ‘Togha an Chúrsa Constaicí’ le Nua Healthcare Services: Dúshlán fisiciúil spraíúil agus ionchuimsitheach é seo atá deartha ionas go mbeidh gach duine in ann páirt a ghlacadh ann, mar chuid de ghrúpa nó mar dhaoine aonair.
Tiomantas Comhoibríoch don Ionchuimsiú i gCill Dara:
Is í Comhairle Contae Chill Dara atá ag cur na féile seo atá ionchuimsitheach uathúil agus nuálach ar fáil den chéad uair, agus tá go leor eagraíochtaí comhpháirtíochta ag obair in eineacht leis an gComhairle agus ag tacú leis an ócáid.
Dúirt JJ Carey, Stiúrthóir na Seirbhíse um Maireachtáil le Tacaíocht, NuaHealthcare Services; “Tá lúcháir orainn ag Nua Healthcare Services tacú le Féile Ionchuimsitheachta Chill Dara, ceiliúradh iontach ar éagsúlacht agus ar phobail a bheidh ann. Is léiriú é an t-imeacht seo ar chumhacht an iomchuimsithe agus ar ghaolmhaireacht i gCill Dara, agus táimid ag tnúth le bheith in éineacht le gach duine ar an 11 Bealtaine. Lá spreagúil taitneamhach a bheidh ann.” (Aistrithe go Gaeilge)
Dúirt Evan Arkwright, Bainisteoir Rásaíochta agus Urraíochta, The Curragh: “Tá ríméad orainn gurb é an Currach an t-ionad óstach don chéad Fhéile Ionchuimsitheachta. Táimid lántiomanta do bheith ag obair i gcomhar leis na comhpháirtithe uile mar chuid dár bhfócas mar atá a bheith ag déileáil leis an bpobal, agus tá an-áthas orainn tacú leis an tionscnamh spreagúil seo ar an ábhar go bhfuil an ionchuimsitheacht ar cheann de phríomhluachanna an ráschúrsa.” (Aistrithe go Gaeilge)
Dúirt John Doran, Oifigeach Forbartha Spóirt Pobail, Comhpháirtíocht Spóirt Chill Dara: “Ag KSP, déanaimid ár ndícheall rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht coirp agus sa spórt a mhéadú do chách i gContae Chill Dara agus tá an-áthas orainn an deis a bheith againn tacú le Comhairle Contae Chill Dara ag an bhféile ionchuimsitheachta iontach seo.” (Aistrithe go Gaeilge)
Míníonn Paula Conlan, ball foirne Barretstown: “Cuirimid cláir theiripeacha saor in aisce ar fáil i Barretstown do leanaí a bhfuil tinneas tromchúiseach orthu agus dá dteaghlaigh. Tá an-áthas orainn tacú leis an ócáid seo agus táimid ag tnúth le Draíocht Bhaile Bhairéad a thabhairt chomh fada leis an gCurrach ar an 11 Bealtaine.”. (Aistrithe go Gaeilge)
Bí linn!
Bí linn don ócáid saor in aisce seo ag Féile Ionchuimsitheachta Chill Dara, Dé Domhnaigh, 11 Bealtaine 2025, ó 11:00 AM go 4:00 PM ag Ráschúrsa an Churraigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin CKAN www.ckan.ie