Léirithe Spéise á Lorg ag Comhairle Contae Chill Dara do Chruinniú na nÓg 2025
12 Feabhra 2025 Tugann Comhairle Contae Chill Dara cuireadh do ghrúpaí um leanaí agus do ghrúpaí óige ar fud Chill Dara le páirt a ghlacadh i gceiliúradh Chruinniú na nÓg i mbliana. Trí mheán scéim deontais Chruinniú na nÓg Chill Dara 2025, tacóidh foireann Éire Ildánach Chill Dara le tionscadail, ceardlanna nó tionscnaimh a chuirfidh ar chumas leanaí agus daoine óga a gcuid cruthaitheachta a fhiosrú.
Tá léirithe spéise á lorg ó ghrúpaí óige atá lonnaithe i gCill Dara, ó sheirbhísí cúraim leanaí, grúpaí teaghlaigh/tuismitheoirí, agus grúpaí pobail. Moltar do na grúpaí sin tograí a chur isteach do thionscadail chruthaitheacha, agus moltar béim ar leith a leagan ar thograí a chuireann deiseanna cruthaitheacha nua ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga (0-18 mbliana d’aois) a bhfuil an rochtain atá acu ar thionscadail chruthaitheacha teoranta agus dóibh siúd nach raibh rochtain acu ar thionscadail chruthaitheacha roimhe seo.
Ba cheart go mbeadh na tionscadail bheartaithe bunaithe ar thuairimí agus smaointe na ndaoine óga féin agus is féidir na tionscadail a chur sa siúl le linn na seachtainí roimh dháta oifigiúil na féile. Cuirfear buaic-chríoch leis na tionscadail le taispeántais, taibhiú, léiriú nó eisiúint ar líne ar an 7 Meitheamh, 2025. Más gá, is féidir le hÉire Ildánach Chill Dara cabhair a thabhairt trí iarratasóirí rathúla a mheaitseáil le healaíontóir gairmiúil nó cruthaitheach a d’fhéadfadh oibriú leo.
Dúirt Gillian Allen, Comhordaitheoir Éire Ildánach, Comhairle Contae Chill Dara: “Ceann de na spriocanna atá againn do Chruinniú na nÓg is ea dul i dteagmháil le daoine óga roimh ré, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na rudaí cruthaitheacha ar mhaith leo féin a dhéanamh agus a bhaint amach nó na rudaí ar mhaith leo triail a bhaint astu mar chuid d’fhéile na bliana seo. Déanann go leor grúpaí agus seirbhísí óige obair iontach leis na leanaí agus daoine óga ar fud Chill Dara, ach b’fhéidir nach bhfaigheann siad mórán deiseanna le bheith ag obair le healaíontóir gairmiúil ná lena gcuid cruthaitheachta a fhiosrú ar leibhéal níos doimhne. Cuirimid fáilte roimh léirithe spéise uathu le páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg i mbliana.” (Aistrithe go Gaeilge)
Is féidir léirithe spéise a chur isteach faoi láthair tríd an bhfoirm ar líne ag Comhairle Contae Chill Dara — Leabharlann agus na hEalaíona.
Is é 12pm Dé hAoine, an 7 Márta 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas. Tá critéir incháilitheachta mhionsonraithe ar fáil ar an bhfoirm iarratais.