Fógraíonn Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara Maoiniú Deontais do na hEalaíona 2024
D’fhógair Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara maoiniú faoi Dheontais Ealaíon 2024, d’fhonn tacú le tionscadail chruthaitheacha agus ealaíonta i gContae Chill Dara. Trí mheán 16 scéim dhifriúla, bronnadh cúnamh deontais de luach €121,249 ar 76 thionscadal a reáchtálfar sna cúig Cheantar Bhardasacha i gCill Dara in 2024.
Áirítear i measc na 16 dhámhachtain; Sparánacht d’Ealaín san Oideachas arbh é a haidhm ealaíontóirí a chur i scoileanna ar fud Chontae Chill Dara; Dámhachtain na Chéad Coicíse i gcomhar le First Fortnight a thacaíonn le hobair nua a fhorbairt agus a chur i láthair ar mhaithe le feasacht agus folláine meabhairshláinte a chur chun cinn; an Sparánacht do Thaighde agus Smaointeoireacht agus Dámhachtain Chónaitheachta Tyrone Guthrie a thacaíonn le healaíontóirí agus a chuimsíonn gach foirm ealaíne. Tugann Dámhachtain Chónaitheachta Tyrone Guthrie am do na healaíontóirí le taighde agus machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas ealaíon nó iniúchadh a dhéanamh ar réimse nua laistigh dá gcleachtas, agus, ag an am céanna, is féidir le healaíontóirí rochtain a fháil ar dheiseanna meantóireachta, mar aon le deiseanna don líonrú.
Chomh maith leis sin, chuir Comhairle Contae Chill Dara fáilte roimh iarratais ar Dhámhachtain Choimisiún um Ghearrscannán ‘Féar Gearr’ Chill Dara, Dámhachtainí Sparánachta ‘Éire Ildánach’ Chill Dara 2024 agus Dámhachtain Sparánachta Chruinniú na nÓg ‘Éire Ildánach’ 2024. Foilseofar eolas faoi leith i ndáil leis na tionscadail a mhaoineofar faoi na dámhachtainí sin.
Is féidir sonraí iomlána na dtionscadal a dámhadh faoi Dheontais Ealaíon 2024 a fháil anseo:
Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara - Deontais agus Deiseanna (kildarecoco.ie)