Seolann Comhairle Contae Chill Dara
Comhairliúchán do Scéim nua na gCoistí um Beartais Straitéiseacha
Dé Máirt 30 Iúil 2024: Inniu, tá sonraí fógartha ag Comhairle Contae Chill Dara maidir le comhairliúchán poiblí chun scéim nua a fhorbairt d’fhonn Coistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna) a bhunú don tréimhse 2025 - 2029.
Neartaíonn Coistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna) ról forbartha beartais chomhaltaí tofa Chomhairle Contae Chill Dara, trí chomhaltaí tofa agus daoine a oibríonn go gníomhach le comhlachtaí sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus comhshaoil a thabhairt le chéile ar mhaithe le beartais a bhaineann le seirbhísí na comhairle a fhorbairt agus a athbhreithniú.
Tá sé beartaithe go mbunóidh Comhairle Contae Chill Dara sé cinn de Choistí um Beartais Straitéiseacha. Bainfidh na Coistí leis na réimsí gníomhaíochta seo a leanas:
- Gníomhú ar son na hAeráide
- Comhshaol agus Seirbhísí Uisce
- Pleanáil, Fiontraíocht & Forbairt Eacnamaíoch
- Tithíocht agus Athghiniúint
- Pobal Áitiúil, Cultúr agus Lánpháirtíocht
- Iompar, Soghluaisteacht agus Spásanna Oscailte
Tugann Comhairle Contae Chill Dara cuireadh do bhaill an phobail páirt a ghlacadh trí athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtscéim, aighneachtaí a dhéanamh, bhur gcuid tuairimí a chur in iúl agus aiseolas a thabhairt.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/draft-scheme-formation-strategic-policy-committees
Is féidir leat d'aighneacht a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh freisin, chuig SPCScheme@kildarecoco.ie nó is féidir leat d'aighneacht a sheoladh sa phost chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co Chill Dara W91 X77F. Ba cheart ‘Scéim CCS 2024’ a mharcáil ar gach aighneacht.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5 i.n., Dé Luain, 2 Meán Fómhair 2024.
Breithneofar gach aighneacht a dhéanfar, agus cuirfear tuairisc ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar fáil do chomhaltaí tofa Chomhairle Contae Chill Dara, d’fhonn cabhrú leo an Scéim nua CBS a chur i dtoll a chéile.