Béim á cur ar ról Chomhairle Contae Chill Dara maidir leis an maireachtáil ar ardchaighdeán, trí mheán ‘Lá na Comhairle’
Trí mheán ‘Lá na Comhairle 2024’ a reáchtálfar ar an Aoine 5 Iúil, tá béim á cur ar agus tá ceiliúradh á dhéanamh ar ról Chomhairle Contae Chill Dara maidir le tacú leis an maireachtáil ar ardchaighdeán i gCill Dara.
Bíonn tionchar dearfach ag na háiseanna agus na seirbhísí a fheidhmítear, a dtugtar tacaíocht dóibh agus a chuireann Comhairle Contae Chill Dara ar fáil fud fad chontae Chill Dara. Bíonn dea-thionchar acu ar chaighdeán saoil, folláine agus sláinte ár saoránach agus ár gcuairteoirí. Baineann daoine úsáid as réimse leathan seirbhísí údaráis áitiúil ar bhonn laethúil augs tacaíonn siad seo leis an maireachtáil ar ardchaighdeán. Cuirtear páirceanna, áiseanna fóillíochta agus spóirt, leabharlanna, na healaíona, oidhreacht agus seirbhísí pobail, mar aon le seirbhísí eile nach iad ar fáil. Bíonn na Comhairlí Contae ar thús cadhnaíochta freisin maidir lenár dtimpeallachtaí beo a chosaint, mar shampla trí sheirbhísí glanta sráide, rialú bruscair, monatóireacht ar uiscebhealaí agus ar thránna, scéimeanna athnuachana do cheantair uirbeacha agus do shráidbhailte, agus trí chothabháil ár mbóithre agus ár gcosán.
Tá baill foirne in údaráis áitiúla neadaithe sa phobal, agus cuirtear ar chumas daoine aonair agus ar chumas grúpaí sa phobal taitneamh a bhaint as a n-áiteanna cónaithe, a n-áiteanna oibre agus as na háiteanna a dtugann siad cuairt orthu. Ar fud na meán sóisialta, trí mheán #DoLáSaChomhairle, cuirfear béim ar ról na n-údarás áitiúil i dtaca le hardchaighdeán saoil a chur chun cinn.
“Ar Lá na Comhairle, tá Comhairle Contae Chill Dara an-bhródúil as aird a tharraingt agus ceiliúradh a dhéanamh ar an ról atá againn le tionchar dearfach a imirt ar chaighdeán saoil na ndaoine,” a dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Dara. “Tá ár bhfoireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gCill Dara agus dóibh siúd a thugann cuairt ar Chill Dara, ionas gur féidir leo taitneamh agus tairbhe a bhaint as eispéireas dearfach inár gcontae. Is féidir leat ár gcainéil meán sóisialta a leanúint ar líne ar an 5 Iúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tacaí agus na seirbhísí seo.” (Aistríodh na focail thuas go Gaeilge)
I bhfianaise an réimse leathan seirbhísí a fhaigheann tacaíocht agus a fheidhmíonn an rialtas áitiúil inár bpobail, bíonn tionchar dearfach ag comhairlí contae ar shaol daoine gach uile lá, cuma más ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí fóillíochta, ag baint sult as caithimh aimsire, ag glacadh páirt i spórt nó ag baint taitneamh as ár dtimpeallacht áitiúil atá daoine. Anuas air sin, ar mhaithe lenár saoránaigh, tacaíonn an rialtas áitiúil go gníomhach le saol laethúil daoine agus le cúrsaí gnó.”
Ar Lá na Comhairle, beidh Comhairle Contae Chill Dara, mar aon le húdaráis áitiúla eile, ag postáil ar líne agus ag baint úsáid as #YourCouncilDay / #DoLásaChomhairle chun cur síos a dhéanamh ar sheirbhísí agus áiseanna.
Lean muid ar Facebook, X agus Instagram nó #YourCouncilDay / #DoLásaChomhairle.