Seolann Comhairle Contae Chill Dara
Comhairliúchán do Phlean Corparáideach nua
Cuir do thuairim in iúl maidir le forbairt Chomhairle Contae Chill Dara sa todhchaí
Dé Máirt, 30 Iúil 2024: Inniu, chuir Comhairle Contae Chill Dara tús le comhairliúchán poiblí chun Plean Corparáideach nua a fhorbairt don tréimhse 2025 – 2029.
Leagtar amach sa Phlean Corparáideach, fís agus treoir straitéiseach Chomhairle Contae Chill Dara do na cúig bliana amach romhainn. Mar ullmhúchán don phlean, ba mhaith le Comhairle Contae Chill Dara cuireadh a thabhairt do bhaill an phobail páirt a ghlacadh trí shuirbhé ar líne a chomhlánú, trí do chuid tuairimí a roinnt agus aiseolas a sholáthar maidir le d’fhís-se d'fhorbairt straitéiseach Chomhairle Contae Chill Dara.
Comhlánaigh ár suirbhé ar líne ag Corporate Plan 2024 Survey | Kildare County Council (kildarecoco.ie) .
Is féidir leat do thuairimí a chur isteach i scríbhinn freisin, trí ríomhphost a sheoladh chuig corporateplan2024@kildarecoco.ie nó trí d'aighneacht a sheoladh sa phost chuig: Plean Corparáideach, Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F
Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin ar an Luan, 9 Meán Fómhair 2024.
Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara; “Forbraítear an Plean Corparáideach gach cúig bliana agus is deis dúinne é, mar údarás áitiúil, le hathmheasúnú a dhéanamh ar ár dtosaíochtaí straitéiseacha agus athdhíriú ar ár gcomhfhís chun leanúint de bheith ag cothú Chill Dara mar áit iontach le cónaí ann, le bheith ag obair ann agus le cuairt a thabhairt air. Cuirimid fáilte roimh thuairimí an phobail mar chuid de chéim thábhachtach seo an chomhairliúcháin phoiblí, ar mhaithe le cinntiú go gcuidíonn an Plean Corparáideach nua seo linn freastal ar riachtanais ár saoránach.” (Aistrithe go Gaeilge)
An Clr. Joe Neville, Cathaoirleach Chontae Chill Dara; “Is tráthúil forbairt ár bPlean Chorparáidigh nua, i ndiaidh na dtoghchán áitiúil a bhí ann le déanaí, nuair a leagann ár n-oifigigh thofa nua amach ár dtosaíochtaí agus ár gcuspóirí comhchoiteanna do shaolré na Comhairle seo. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le feidhmeannas Chomhairle Contae Chill Dara agus le tuairimí an phobail a chloisteáil, chun Plean Corparáideach a fhorbairt a bheidh oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis, agus a thacóidh le riachtanais ár gcontae anois agus amach anseo. (Aistrithe go Gaeilge)
Breithneofar gach aighneacht a dhéanfar, agus cuirfear tuairisc ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar fáil do chomhaltaí tofa Chomhairle Contae Chill Dara, d’fhonn cabhrú leo an Plean Corparáideach a fhorbairt.