Freephone number in place for Vision Impaired voters
Local Elections 2024
A Freephone telephone number has been set up for vision impaired voters in respect of the upcoming Local Elections on 7th June. The Freephone telephone number is 1800 111 000.
By dialling the freephone number, voters can hear details of candidates in each Electoral Area who are running for the Local Elections for Kildare County Council. Individuals may select to hear the names of candidates for each of the Electoral Areas in the order in which they appear on the ballot paper.
- Athy
- Celbridge
- Clane
- Kildare
- Leixlip
- Maynooth
- Naas
- Newbridge
The freephone facility may be used by vision impaired voters as often as they wish in the run-up to polling day, and they will also be allowed use of their mobile phone in the polling station to access this information.
The freephone facility is operating in conjunction with a ballot paper template (BPT) to support vision impaired voters. The ballot paper template is a transparent plastic device placed on top of the ballot paper. Vision impaired voters wishing to vote in secret should ask the Presiding Officer at their polling station to attach a ballot paper template to their ballot paper. Raised numbering and braille on the template will guide the voter to the relevant openings that correspond to the candidates on the ballot paper. It is removed once the ballot paper has been marked and the ballot paper is placed in the ballot box, entirely indistinguishable from all the other marked ballot papers.
Vision impaired voters will also continue to have the option of marking their ballot papers with the assistance of a companion or Presiding Officer at the polling station.
Details of candidates running for election to Kildare County Council can be viewed on the Notice of Poll on our website:
Beidh uimhir shaorghlao i bhfeidhm do Thoghcháin Áitiúla 2024
d’fhonn freastal ar vótálaithe a bhfuil lagú radhairc orthu
Tá uimhir ghutháin saorghlao curtha ar fáil do vótálaithe a bhfuil lagú radhairc orthu, i dtaca leis na Toghcháin Áitiúla atá ag teacht aníos ar an 7 Meitheamh. Is é 1800 111 000 an uimhir theileafóin Saorghlao.
Tríd an uimhir shaorghlao a dhiailiú, is féidir le vótálaithe sonraí na n-iarrthóirí atá ag rith do na Toghcháin Áitiúla i dToghcheantair uile Chomhairle Contae Chill Dara a chloisteáil. Is féidir éisteacht le hainmneacha na n-iarrthóirí do gach ceann de na Toghcheantair san ord céanna ina bhfuil siad curtha ar an bpáipéar ballóide:
- Baile Átha Í
- Cill Droichid
- Claonadh
- Cill Dara
- Léim an Bhradáin
- Maigh Nuad
- An Nás
- An Droichead Nua
Is féidir le vótálaithe a bhfuil lagú radhairc orthu an tseirbhís saorghlao a úsáid chomh minic agus is mian leo roimh lá na vótála, agus ceadófar dóibh freisin a bhfón póca a úsáid sa stáisiún vótála chun rochtain a fháil ar an eolas seo.
Úsáidfear an áis saorghlao in éineacht le teimpléad páipéar ballóide (BPT) chun tacú le vótálaithe a bhfuil lagú radhairc orthu. Is gléas plaisteach trédhearcach é teimpléad an pháipéir bhallóide agus leagtar anuas ar an bpáipéar ballóide é. Maidir le vótálaithe a bhfuil lagú radhairc orthu agus ar mian leo vótáil faoi rún, ba cheart dóibh iarraidh ar an Oifigeach Ceannais ag a stáisiún vótála teimpléad páipéir bhallóide a chur i gceangal lena bpáipéar ballóide féin.
Tabharfaidh uimhriú ardaithe agus Braille ar an teimpléad treoir don vótálaí chuig na bearnaí cuí a chomhfhreagraíonn do na hiarrthóirí ar an bpáipéar ballóide. Baintear an gléas a luaithe agus a mharcáiltear an páipéar ballóide agus a chuirtear an páipéar ballóide sa bhosca ballóide, agus, ar an gcaoi seo, ní féidir an páipéar ballóide a dhealú ó na páipéir bhallóide mharcáilte eile go léir.
Chomh maith leis sin, beidh sé de rogha fós ag vótálaithe a bhfuil lagú radhairc orthu a bpáipéir bhallóide a mharcáil le cúnamh ó chompánach nó ón Oifigeach Ceannais ag an stáisiún vótála.
Is féidir sonraí na n-iarrthóirí atá ag seasamh i dtoghchán do Chomhairle Contae Chill Dara a fheiceáil ar an bhFógra Vótaíochta ar ár suíomh gréasáin: