Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinntí
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra de réir Alt 75 d'Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfaidh sí an bóthar seo a leanas idir Dé Céadaoin, 12 Iúil 2023 agus Déardaoin, 13 Iúil 2023 chun oibreacha bóithre a éascú mar chuid de Scéim Rothaíochta Bhóthar Chill Chuilinn.
Bóithre le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon am amháin) |
|
1 |
R448 Bóthar Chill Chuillinn |
Timpeallán Bhóthar Chill Chuillinn |
R448/Ascaill Phádraig |
2 lá |
Bealaí Eile: Ó thuaidh Ó Thimpeallán Bhóthar Chill Chuillinn téigh i dtreo an R441 (Timpeallán Bhóthar an Bhaile Mhóir), tóg an chéad bhealach amach ar an R441 Bóthar an Bhaile Mhóir agus téigh ar aghaidh go dtí an acomhal leis an R448 (Swans on the Green). Ag an acomhal, cas ar dheis ar an R448 Bóthar Chill Chuillinn chun teacht chuig deireadh an atreoraithe. Ó dheas Ag acomhal an R448/R441 (Swans on the Green), cas ar chlé ar an R441 Bóthar an Bhaile Mhóir. Ag Timpeallán Bhóthar an Bhaile Mhóir, tóg an tríú bealach amach agus téigh i dtreo Thimpeallán Bhóthar Chill Chuillinn chun teacht chuig deireadh an atreoraithe. |
Cuirfear in iúl go soiléir bealaí atreoraithe, mar a aontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coinneofar rochtain éigeandála agus srian ar rochtain áitiúil.