Cuirfear cláir chruthaitheacha um shláinte agus folláine ar fáil in ionaid chúraim FSS (HSE) i gCill Dara, Uíbh Fhailí agus san Iarmhí trí mheán an tionscadail “Did I Ever Tell You”
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara, i gcomhar le Comhairle Contae Uíbh Fhailí agus le Comhairle Contae na hIarmhí, an tionscadal cruthaitheach um shláinte agus folláine trí-chontae “Ar Inis Mé Duit Riamh” (“Did I Ever Tell You”) a fhógairt.
Is é aidhm an tionscadail scéalaíochta “Ar Inis Mé Riamh Duit” smaointe agus cuimhní daoine atá níos sine in ionaid chúraim sláinte FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) a bhailiú ar fud chontaetha Chill Dara, Uíbh Fhailí agus na hIarmhí trí iliomad gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus ealaíonta.
Trí mheán an tionscadail seo, beidh ealaíontóirí sna trí chontae ag comhoibriú leo siúd a bhfuil cónaí orthu i dtithe altranais agus le hothair in ospidéil le linn mhí na Nollag 2025, agus bainfear úsáid as na healaíona cruthaitheacha chun folláine a fheabhsú, chun tacú le meabhairshláinte, agus chun an t-aosú dearfach a chur chun cinn. Foilseofar scéalta, ábhar mhachnaimh agus ábhar cruthaitheach a roghnófar ó gach ceann de na trí chontae agus a chuirfear le chéile in aon leabhar amháin. Ar an gcaoi seo, déanfar guthanna níos sine agus tionchar na n-ealaíon sna hionaid sláinte úd a cheiliúradh.
Faigheann an tionscadal tacaíocht ó Éire Ildánach faoin Scéim Chruthaitheach um Shláinte agus Folláine sa Phobal. Iarracht chomhoibrithe idir na trí chontae rannpháirteacha a bheidh i gceist agus beidh foirne Aoisbhácha áitiúla agus foirne áitiúla de chuid Éire Shláintiúil, Éire Ildánach agus FSS ag glacadh páirte chomh maith.
Seoladh an comhoibriú trí-chontae ar an 4 Nollaig ag imeacht líonraithe d’ealaíontóirí, inar tháinig ealaíontóirí an tionscadail ó na trí chontae le chéile ar mhaithe le comhoibriú agus comhroinnt smaointe.
I gContae Chill Dara, trí mheán an chláir nua um Ealaíontóir Cónaithe a chuirfear an tionscadal ar bun in Ospidéal Ginearálta an Náis mar a bhfuil an fís-ealaíontóir John Conway, arb as Cill Dara ó dhúchas dó, ag obair mar Ealaíontóir Cónaithe. Forbróidh John tionscadal a bheidh bunaithe ar chumarsáid agus comhoibriú leanúnach le daoine a úsáideann na seirbhísí agus a bhfuil riocht a chiorraíonn a saol orthu, le hoibrithe cúraim sláinte, agus le pobal an ospidéil i gcoitinne. I mbriathra an ealaíontóra, ‘Is deis iontach í an chónaitheacht ar feadh bliana le caidrimh a fhorbairt go deas réidh san ospidéal, agus chun tabhairt faoi thaighde ealaíne a mbeidh ealaín shuntasach mar thoradh air.’ Is fís-ealaíontóir é John atá gníomhach go sóisialta agus a bhfuil cáil air as an obair atá déanta aige i gcomhthéacsanna casta sláinte agus pobail.
Tá Comhairle Contae Uíbh Fhailí ag obair i gcomhpháirtíocht le Comharghrúpa Ealaíon Anam Beo, a bhfuil ceathrar fís-ealaíontóirí fostaithe acu, chomh maith le scríbhneoir agus ceoltóir, chun bheith ag plé le daoine fásta níos sine in ionaid cúraim agus pobail lena n-áirítear Cúram Lae Clara, Riada, Ofalia agus Aonaid Phobail agus Altranais Bhiorra. Tá an clár saincheaptha ‘Anam Beo’ don rannpháirtíocht ealaíonta deartha go speisialta chun an tsláinte shóisialta a chothú, chun naisc phobail a dhoimhniú, agus chun plé agus cumarsáid a mbaineann doimhneacht agus brí leo a spreagadh i measc rannpháirtithe, ealaíontóirí agus baill foirne cúraim. Trí mheán comhráite séimhe, machnamh pearsanta, agus comhchuimhní, tá sé mar aidhm ag an gclár Anam Beo scéalta, a rachaidh i bhfeidhm ar chuile ghlúin, a shamhlú agus a thabhairt chun solais.
San Iarmhí, rachaidh an comharghrúpa ealaíon Fighting Words i mbun plé le lucht cónaithe in Aonad Altranais Pobail Chluain Lir sa Mhuileann gCearr agus in Ionad Cúraim Shan Uinseann i mBaile Átha Luain chun a gcuid scéalta agus a gcuid cuimhní cinn a roinnt, agus beidh leabhar comhchoiteann ina gcuimseofar taithí na gcónaitheoirí mar thoradh ar an tionscadal. Forbrófar saothar beochana sa dara bliain den chlár agus cuirfidh an saothar sin le tionchar an tionscadail. Táthar ag súil go mbeidh tionchar breise ag an tionscadal seo ar ghaolta na rannpháirtithe agus go bhfaighidh teaghlaigh na gcónaitheoirí cuimhneacháin de thoradh an tionscadail– cuimhneacháin a mbeidh meas orthu agus a gcuirfear ar aghaidh ó ghlúin go glúin iad.
Is í Comhairle Contae Chill Dara príomh-chomhpháirtí an tionscadail, is í a eagróidh gnéithe idirchontae an tionscadail agus is í a dhéanfaidh meastóireacht ar thionchair an tionscadail. Ag labhairt di faoin tionscadal, dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Dara, "Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara a bheith ag obair i gcomhar le Comhairlí Contae Uíbh Fhailí agus na hIarmhí chun deiseannna cruthaitheacha leanúnacha a chur ar fáil i dtithe altranais, in ionaid chúraim agus inár nOspidéal Ginearálta féin sa Nás. Tá díograis fhoireann FSS agus díograis ár n-ealaíontóirí sciliúla mar dhlúthchuid den tionscadal seo, agus tá súil againn go dtabharfaidh an tionscadal eispéarais dhearfacha, dea-chaidrimh, agus deiseanna don fhéinléiriú cruthaitheach d’othair, do chónaitheoirí, dá dteaghlaigh agus do bhaill foirne araon.’