Fógra ar Chomhairliúchán Poiblí Réamhdhréachta don Phlean Limistéir Áitiúil Dhroichead Nua 2025 - 2031 atá beartaithe
De réir Alt 20 (1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), tugtar fógra leis seo go mbeartaíonn Comhairle Chontae Chill Dara Plean Limistéir Áitiúil don limistéar Dhroichead Nua. Is doiciméad reachtúil é Plean Limistéir Áitiúil lena leagtar amach an straitéis um thalamhúsáid maidir leis an bpleanáil chuí agus an fhorbairt inchothaithe limistéir.
Chun plé agus rannpháirtíocht phoiblí a spreagadh ag an gcéim seo den phróiseas seo, ullmhaíodh Páipéar Buncheisteanna lena leagtar amach na príomhcheisteanna pleanála a bhaineann le Droichead Nua. Tá cóip den Pháipéar Buncheisteanna ar fáil ag na háiteanna seo a leanas le hiad a íoslódáil agus/nó iniúchadh a dhéanamh orthu ó Dé Máirt an 10 Deireadh Fómhair go dtí Dé Máirt an 28 Samhain 2023 (7 seachtaine), an dá lá sin san áireamh:
- Ar líne ag: https://consult.kildarecoco.ie/en/browse
- Leabharlann Dhroichead Nua, Bóthar Áth Garbháin, Baile Phiarais, Droichead Nua, Co. Chill Dara.
- An Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara.
Beidh foireann na Comhairle ó Chomhairle Chontae Chill Dara ar fáil chun ceisteanna ginearálta a fhreagairt agus chun comhairle a thabhairt maidir leis an gcomhairliúchán réamhdhréachta agus an próiseas um phleananna a dhéanamh ag an imeacht buail isteach ó 2:30 p.m. go 6:30 p.m. ar Dhéardaoin an 9 Samhain 2023.
Cuireann Cill Dara fáilte anois roimh aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara maidir leis an bPáipéar Buncheisteanna roimh 4:00 p.m. Dé Máirt an 28 Samhain 2023. Ba cheart go mbeadh d'ainm agus do sheoladh luaite ar d'aighneacht, agus nuair is cuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á d(h)éanamh air. Tá fáilte roimh leanaí nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneachtaí a dhéanamh. Cuir isteach d'aighneacht ar cheann de na bealaí seo a leanas amháin le do thoil (ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha nó le haighneachtaí a sheolfar ar ríomhphost nó ar facs):
- Ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/browse; nó
- I scríbhinn chuig: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara.
Déanfar tuarascáil ar na haighneachtaí a gheofar a ullmhú agus áireofar ann ainmneacha na ndaoine sin a rinne aighneachtaí. Foilseofar an tuarascáil seo ar ár suíomhanna gréasáin. Is féidir sonraí maidir le do theidlíochtaí agus d'oibleagáidí príobháideachais faoi RGCS a léamh anseo:
www.kildarecoco.ie/YourCouncil/GovernanceandCompliance/DataProtection/
Chun daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas, tá Comórtas Ealaíne dar teideal ‘Saol sa Droichead Nua’ á chur ar siúl ag Comhairle Contae Chill Dara do dhaoine óga in aois scoile (4 – 19 mbliana d’aois). Iarrtar ar iarrthóirí a léaráid ealaíontóra ar aon ghné de shaol an lae inniu sa Droichead Nua a chur isteach. Tá na sonraí go léir foilsithe ar https://consult.kildarecoco.ie/en/browse.
Is deis labhartha é seo duit maidir le forbairt do limistéir amach anseo. Táimid ag tnúth le cloisteáil uait. Spriocdháta D'aighneachtaí: 4:00 p.m. Dé Máirt an 28 Samhain 2023.
Sínithe:
Alan Dunney
Stiúrthóir Seirbhíse
Pleanáil, Fiontar, Forbairt Eacnamaíochta agus Seirbhísí Éigeandála
Comhairle Chontae Chill Dara