Socruithe na Nollag agus na hAthbhliana
Guíonn Baill agus Foireann Chomhairle Contae Chill Dara Nollaig shona agus shábháilte do chách agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise.
Leanfaidh ár seirbhísí riachtanacha i bhfeidhm ar feadh tréimhse saoire na Nollag agus na hAthbhliana. Beidh roinnt seirbhísí faoi réir srianta, sonraí thíos.
Molaimid dár gcustaiméirí gnó a dhéanamh, agus úsáid a bhaint as na modhanna seo a leanas
Is trí choinne amháin a dhéanfar rochtain ar (chuid dár) seirbhísí go pearsanta.
Chun coinne a dhéanamh logáil isteach ar leathanach baile ár suíomh Gréasáin https://kildarecoco.ie/OnlineBookingSystem/ nó ar an bhFón - 045 980 200.
Uaireanta Oscailte - Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara
Dé hAoine, 23 Nollaig |
Dúnfar na hoifigí ag 4:00 i.n. * Oifig an Airgid Áras Chill Dara agus Baile Átha Í ag dúnadh 2:30 i.n. |
Dé Sathairn, 24 – Dé Céadaoin, 28 Nollaig san áireamh |
Oifigí dúnta |
Déardaoin, 29 – Dé hAoine, 30 Nollaig san áireamh |
Oifigí oscailte, agus uaireanta coigeartaithe thíos le haghaidh seirbhísí áirithe: Oifig an Airgid Áras Chill Dara agus Baile Átha Í: Oifig Mótarchánach dúnta ar |
Dé Sathairn, 31 Nollaig 2022 - Dé Luain, 2 Eanáir 2023 san áireamh |
Oifigí dúnta |
Dé Máirt, 3 Eanáir 2023 ar aghaidh |
Oifigí oscailte, coinní i bhfeidhm d’Áras Chill Dara |
Cásanna Éigeandála
Chun teagmháil a dhéanamh linn i gcás éigeandála chun ceisteanna práinneacha a thuairisciú maidir le seirbhísí bonneagair a sholáthraíonn an Chomhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn taobh amuigh dár n-uaireanta oscailte ar 1800 500 444 |
Uimhir Éigeandála Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean – Lasmuigh d’Uaireanta Gnó 1800 804 307
Dé Luain, 19 – Dé hAoine, 23 Nollaig san áireamh |
5:00 i.n. – 9:00 i.n. |
Dé Sathairn, 24 – Dé Céadaoin, 28 Nollaig san áireamh |
12:00 i.n. – 5:00 i.n. |
Déardaoin, 29 – Dé hAoine, 30 Nollaig san áireamh |
5:00 i.n. – 9:00 i.n. |
Dé Sathairn, 31 Nollaig 2022 – Dé Domhnaigh, 1 Eanáir 2023 |
12:00 i.n. – 5:00 i.n. |
Dé Luain, 2 Eanáir 2023 |
12:00 i.n. – 5:00 i.n. |
Leabharlanna
Dúnfar ceanncheathrú na leabharlainne agus gach leabharlann bhrainse Dé hAoine, 23 Nollaig ag 4:00 i.n. |
|
Dé Sathairn, 24 – Dé Céadaoin, 28 Nollaig san áireamh |
Gach leabharlann dúnta |
Déardaoin, 29 Nollaig |
Osclóidh leabharlanna ag a ngnáthamanna agus dúnfaidh siad ag 5:00 i.n. |
Dé hAoine, 30 Nollaig |
Osclóidh agus dúnfaidh leabharlanna ag a ngnáthamanna |
Dé Sathairn, 31 Nollaig 2022 – Dé Luain, 2 Eanáir 2023 san áireamh |
Gach leabharlann dúnta |
Dé Máirt, 3 Eanáir 2023 ar aghaidh |
Gach leabharlann oscailte ag gnáthamanna |
Rialú Foirgníochta
Beidh an CBRF dúnta d’Fhógraí Tosaithe, Fógraí 7 Lá, agus Iarratais (Deimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán, Deimhnithe Rochtana Míchumais, Dispeansáidí agus Maoluithe, lena n-áirítear Breis Faisnéise nó Faisnéis Athbhreithnithe) ó 11:59 i.n. Dé Máirt, 20 Nollaig 2022 go 12:01 r.n. Dé Luain, 2 Eanáir 2023.
Ní chuirfear Deimhnithe Comhlíonta ar Chríochnú leis an gClár idir Dé Máirt, 20 Nollaig 2022 agus Dé Luain, 2 Eanáir 2023, agus ba cheart duit é seo a chur san áireamh agus Dáta Ainmnithe do Chlárú Deimhnithe faoi Airteagal 20F(8) á chur isteach agat.
Déan teagmháil le d’Údarás Rialaithe Foirgníochta ag buildingcontrol@kildarecoco.ie má tá aon cheist agat, go háirithe maidir le haighneacht Fógraí 7 Lá.
Forfheidhmiú Páirceála
Cill Droichid, Léim an Bhradáin |
Beidh páirceáil saor in aisce i gCill Droichid agus Léim an Bhradáin ó 10:00 r.n. go 12:00 meán lae ón Luan, 12 Nollaig go dtí Dé hAoine, 30 Nollaig 2022 san áireamh. Leanfar le páirceáil mhídhleathach a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse seo. |
Maigh Nuad, Cill Choca, Baile Chill Dara, An Droichead Nua |
Ní chuirfear Páirceáil Íoctha ar fionraí sna bailte seo. Leanfar le gnáthfhorfheidhmiú páirceála thar thréimhse na Nollag. |
An Nás |
Ní chuirfear Páirceáil Íoctha ar fionraí sa Nás go ginearálta ach amháin i ngach carrchlós de chuid Chomhairle Contae Chill Dara (carrchlós Rae Nua, carrchlós Pháirc an Aonaigh, carrchlós Shráid na Mainistreach, carrchlós Uí Bhaoill agus carrchlós Hedermans) áit a mbeidh páirceáil saor in aisce ó 9:30 r.n. Déardaoin, 1 Nollaig 2022 go 5:30 i.n. ar an Satharn, 31 Nollaig 2022. Leanfar le páirceáil mhídhleathach a chur i bhfeidhm i ngach limistéar thar thréimhse na Nollag. |
Baile Átha Í |
Beidh páirceáil saor in aisce i mBaile Átha Í ó 8:30 r.n. Déardaoin, 1 Nollaig 2022 go dtí 8:30 r.n. Dé Céadaoin, 4 Eanáir 2023. Leanfar le páirceáil mhídhleathach a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse seo. |
Íocaíochtaí Fíneála Páirceála agus Achomhairc Páirceála
Ní bheidh córais íocaíochta ar mhaithe le fíneálacha arna n-eisiúint ar nó tar éis Déardaoin, 22 Nollaig 2022, ar fáil san Oifig Airgid in Áras Chill Dara, Pointe Seirbhíse do Chustaiméirí Bhaile Átha Í, ar líne nó ag baint úsáide as an tseirbhís uathoibrithe teileafóin, go dtí Déardaoin, 29 Nollaig 2022. Tar éis an dáta seo, beidh na híocaíochtaí ar ais mar is gnáth leo. Is féidir Achomhairc agus Fiosrúcháin Fíneála Páirceála a chur isteach trí logáil isteach ar https://kildare.apcoa.ie/ tríd an bpost nó go pearsanta ag cuntar poiblí Bóithre agus Iompair. Chun coinne a dhéanamh logáil isteach ar www.kildarecoco.ie/OnlineBookingSystem |
Athchúrsáil
Osclófar Ionaid Fóntas Poiblí mar seo a leanas:
Dáta |
Cnoc Saileata (Cill Chuillinn) |
Baile Átha Í (Cnoc na Croiche) |
Dé Sathairn, 24 Nollaig |
8:00 r.n. – 12:30 i.n. |
9:00 r.n. – 12:30 i.n. |
Dé Domhnaigh, 25 – Dé Luain, 26 Nollaig |
Dúnta |
Dúnta |
Dé Máirt, 27 Nollaig |
8:00 r.n. – 3:45 i.n. |
Dúnta |
Dé Céadaoin, 28 Nollaig |
8:00 r.n. – 3:45 i.n. |
Dúnta |
Déardaoin, 29 Nollaig |
8:00 r.n. – 3:45 i.n. |
9:00 r.n. – 3:45 i.n. |
Dé hAoine, 30 Nollaig |
8:00 r.n. – 3:45 i.n. |
9:00 r.n. – 3:45 i.n. |
Dé Sathairn, 31 Nollaig |
8:00 r.n. – 12:30 i.n. |
9:00 r.n. – 12:30 i.n. |
Dé Domhnaigh, 1 Eanáir 2023 |
Dúnta |
Dúnta |
Dé Luain, 2 Eanáir |
Dúnta |
Dúnta |
Dé Máirt, 3 Eanáir |
8:00 r.n. – 3:45 i.n. |
Dúnta |
Iarrann Comhairle Contae Chill Dara ar chustaiméirí aon chomhairle sláinte poiblí a eisítear do thréimhse na Nollag maidir le freastal ar oifigí poiblí, áiseanna agus leabharlanna a leanúint.
Nollaig Shona ó Chomhairle Contae Chill Dara