Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin Bóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra de réir Alt 75 d'Acht na mBóithre, 1993 agus Rialachán na mBóithre, 1994, go ndúnfar na bóithre seo a leanas De Céadaoin, an 01 Bealtaine 2024 go dtí Dé hAoine, an 01 Samhain 2024 chun cothabháil an ghréasáin bóithre a éascú de réir Alt 13 d'Acht na mBóithre, 1993.
Uimh. |
Bóthar le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon uair ar leith) |
1 |
R401 Bóthar Chill Dara, Ráth Iomgháin |
R414 |
L3002 |
8 lá |
Bealaí Eile: Ag Droichead na Canálach i Ráth Iomgháin tabhair aghaidh ar Mhainistir Eimhín ar an R414, ansin cas ar an L7008 ag Cros Thulaigh Loiste go dtí go sroicheann tú an L7007 ag Cros Ghort an Tobair. Lean ar aghaidh ar an L7007 i dtreo an R401 ag Crosaire Bhaile Thomáis agus cas ar Bhóthar Chill Dara go Ráth Iomgháin i dtreo Chrosaire na Ceartán. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
2 |
L7003 Bóthar Shruthán an Mhuillin, Ráth Iomgháin |
R414 |
R419 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag Droichead Spencer, lean ort i dtreo Ráth Iomgháin ar an R414, ansin cas ar chlé thar Dhroichead na Canálach Móire ar an R401. Lean ort feadh na Príomhshráide ar an R401 go dtí go sroicheann tú an t-acomhal leis an R419 Bóthar Bhreacánaí. Cas ar an R419 go dtí go sroicheann tú an t-acomhal leis an L7003. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
3 |
R413 Áth Garbháin |
L7042 |
L2032 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag Crosaire Lumville ar an R413 cas ar an L7042, An Bóthar Glas, i dtreo an acomhail leis an L2003. Cas ar an L2003 agus lean ort i dtreo an acomhail leis an R416, Bóthar Áth Garbháin. Cas ar an R416, Bóthar Áth Garbháin agus lean ar aghaidh trí Shráidbhaile Áth Garbháin i dtreo Chrosaire Chinn Eich. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. Trácht atá ag taisteal ar an L8079 lean ar aghaidh go dtí an t-acomhal leis an R418, cas ar dheis, agus lean ar aghaidh go dtí an chéad acomhal eile ar dheis. |
||||
4 |
R416 Baile an Mhuilinn |
L3002 |
R416 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag Crosaire Allen lean ort i dtreo Ráth Iomgháin ar an L3002. Cas ar chlé ar an L7004 ag Crosaire Fhiodh Cuilinn agus ansin ar an L7006 ag Crosaire Fháinne na dTarbh. Lean ar aghaidh ar an L7006 go dtí Crosaire Bhiothláin áit a chasann tú ar chlé ar an R415 agus isteach i Sráidbhaile Bhaile an Mhuilinn go dtí Crosaire Bhaile an Mhuilinn. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
5 |
L7036 Baile Mhuiris, Droichead Nua |
R416 |
R445 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag Crosaire Uí Bhroin téigh i dtreo Lár Bhaile an Droichid Nua ar an R416. Ag a acomhal leis an R445 cas ar dheis agus lean ort siar ó dheas go dtí go sroicheann tú Crosaire Bhaile na Móna. Cas ar dheis ag an acomhal seo go dtí an L7036 a thabharfaidh go Droichead Iarnróid Bhaile Mhuiris thú. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
6 |
L7025 Blackberry Lane, Droichead Nua |
L7036 |
L7037 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag acomhal an L7025 do Blackberry Lane agus an L7036 Bóthar Bhaile Mhuiris, téigh i dtreo an Droichid Nua ar an L7036 go dtí go sroichfear a acomhal leis an L7037 ag Crosaire Bhaile Mhuiris. Cas ar dheis ar Bhóthar Standhouse L7037 go dtí go sroichfidh tú an t-acomhal le Blackberry Lane L7025. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
7 |
R414 Barna Raithin, Ráth Iomgháin |
R403 |
R401 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag Droichead Uí Shé i bhFiodh Alúine, lean ar aghaidh i dtreo an tsráidbhaile ar an R401 agus cas ar dheis ag Crosaire Fhiodh Alúine ar an R415. Lean an bóthar seo i dtreo Chill Maodhóg agus ansin cas ar dheis i dtreo Sráidbhaile Alain agus tú fós ar an R415. Ag Crosaire Allen cas ar dheis ar an L3002 i dtreo Ráth Iomgháin. Ag Crosaire Chill Mhuine, cas ar dheis ar an R401 isteach i Ráth Iomgháin. Lean ar aghaidh isteach i gCearnóg an Mhargaidh chun nascadh leis an R414 Bóthar Loilí Móire. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
8 |
R413 Ráschúrsa an Churraigh go Baile Chill Dara |
R415 |
R445 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag acomhal Bhóthar Melitta an R413 agus Bóthar an Stáisiúin R415 i mBaile Chill Dara téigh i dtreo Chearnóg an Mhargaidh. Cas ar chlé i dtreo an Droichid Nua ar an R445 go dtí go sroichfidh tú a acomhal leis an R413 ag Baile Maine, Droichead Nua. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
9 |
L7024 Crosaire an Bhaile Nua go Crosaire Bhaile na Móna, Cill Dara |
R415 |
L3004 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag acomhal an L7024 agus an R415 ag Crosaire an Bhaile Nua téigh i dtreo Bhaile Chill Dara ar an R415. Gabh trí acomhal mótarbhealaí an M7, Acomhal 13, agus cas ar chlé ar an mbóthar R445 ó Chill Dara go Mainistir Eimhín. Lean ort i dtreo Mhainistir Eimhín ar an R445 agus cas ar chlé ar aghaidh go Bóthar an L3004 i dtreo Chill Daingin go dtí go sroichfidh tú a acomhal leis an L7024 ag Crosaire Bhaile na Móna. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
10 |
L7055 Eochaill, Mainistir Eimhín |
L3010 |
L7055 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag acomhal an L7055 agus an L3010 ag Crosaire Dún Éanna, lean ort i dtreo Chill Daingin ar an L3010 go dtí go sroichfidh tú acomhal an L3010 agus an R417 ag Carraig an Tobair. Lean ort i dtreo Mhainistir Eimhín ar an R417 go dtí go sroichfidh tú an raon atreoraithe eile ag Cahill’s Cross. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
11 |
R445 Débhealach, An Halla Nua |
R445 |
R445 |
6 lá |
Bealaí Eile: Déanfar an chuid den lána iomlán a dhúnadh chun bhainistiú ar thrácht tríd an débhealach eile a laghdú go trácht lána singil idir Timpeallán Tougher agus Crosaire Bhaile na Mná Maithe. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
12 |
L2028 Baile an Hilligh, Droichead Nua |
R445 |
L2028 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag an timpeallán ag acomhal an L2028 agus an Seachbhóthair Faoisimh ag Murphy International téigh i dtreo an Droichid Nua go dtí go sroichfidh tú an timpeallán ag Crosaire Buckley. Cas ar an R445 i dtreo lár an bhaile go dtí go sroichfidh tú acomhal an R445 agus an R416 díreach i ndiaidh Dhroichead na Life. Lean ar aghaidh ar an R416 go dtí go sroichfidh tú Sráidbhaile Áth Garbháin, ansin cas ar chlé isteach ar an L2031 a thugann tú go dtí deireadh an atreoraithe ag acomhal an L2031 agus an L2028. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
13 |
L6073 Baile Stiofáin Theas, Teach an Dá Mhíle |
L2032 |
R448 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag acomhal an L6073 agus an L2032 i dTeach an Dá Mhíle, téigh i dtreo an Náis go dtí go sroichfidh tú Crosaire Bhaile Mhaoilir ar an R448. Cas ar dheis ar an R448 agus lean ort i dtreo Chill Chuillinn go dtí go sroichfidh tú an t-acomhal leis an L6073 díreach i ndiaidh Chrosaire an Taobh Gheata. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
14 |
R413 Baile na mBreatnach go Baile Mór |
R412 |
L6047 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag acomhal an R413 agus an R412 i Sráidbhaile Bhaile na mBreathnach, lean ort i dtreo Teach an Dá Mhíle ar an R412. Cas ar dheis ar an L6074 i dtreo an Bhaile Mhóir ag Crosaire Charn Almhaí. Fan ar an L6074 agus téigh isteach i sráidbhaile an Bhaile Mhóir. Sa sráidbhaile cas ar dheis ar an R411, i dtreo Hollywood agus tar éis duit an Life a thrasnú ag Droichead an Bhaile Mhóir, críochnaíonn an t-atreorú ag acomhal an R413. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
15 |
L7055 Bóthar Urnaí, Mainistir Eimhín |
L3010 |
R417 |
6 lá |
Bealaí Eile: Ag acomhal an L7055 agus an L3010 ag Crosaire Dhún Éanna lean ort i dtreo Chill Daingin ar an L3010 go dtí go sroichfidh tú acomhal an L3010 agus an R417 ag Crosskeys. Lean ort i dtreo Mhainistir Eimhín ar an R417 go dtí go sroichfidh tú an raon atreoraithe eile ag Cahill’s Cross. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
||||
16 |
L6009 Caisleán Uí Chaollaí, Caragh |
L2004 |
R409 |
6 lá |
Bealaí Eile: Agus tú ag taisteal i dtreo Caragh ó Chlaonadh ar an L2004, téigh ar an atreorú trí fhanacht ar an L2004 go dtí a acomhal leis an R409. Cas ar chlé i dtreo Shráidbhaile Caragh ar an R409 agus lean ort tríd an sráidbhaile i dtreo an Náis go dtí go sroicheann tú deireadh an atreoraithe ag an acomhal leis an L6009. Rachaidh feithiclí a bheidh ag taisteal sa treo eile ar mhalairt an bhealaigh seo. |
Beidh comharthaí bóithre na malairtí treo le feiceáil go soiléir, mar a aontaíodh leis an gComhairle agus An Garda Síochána. Coimeádfar rochtain éigeandála agus rochtain theoranta áitiúil.