Seolann Comhairle Contae Chill Dara Comhairliúchán do Scéim nua na gCoistí um Beartais Straitéiseacha
Neartaíonn Coistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna) ról forbartha beartais chomhaltaí tofa Chomhairle Contae Chill Dara, trí chomhaltaí tofa agus daoine a oibríonn go gníomhach le comhlachtaí sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus comhshaoil a thabhairt le chéile ar mhaithe le beartais a bhaineann le seirbhísí na comhairle a fhorbairt agus a athbhreithniú.
Tá Comhairle Contae Chill Dara i mbun comhairliúcháin phoiblí chun scéim nua a fhorbairt d’fhonn Coistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna) a bhunú don tréimhse 2024 - 2029.
Tá sé beartaithe go mbunóidh Comhairle Contae Chill Dara sé Choiste um Beartais Straitéiseacha. Bainfidh na Coistí leis na réimsí gníomhaíochta seo a leanas:
- Gníomhú ar son na hAeráide
- Comhshaol agus Seirbhísí Uisce
- Pleanáil, Fiontraíocht agus Forbairt Eacnamaíoch
- Tithíocht agus Athghiniúint
- Pobal Áitiúil, Cultúr agus Lánpháirtíocht
- Iompar, Soghluaisteacht agus Spásanna Oscailte
Tá cóip den dréachtscéim ar fáil ar ár láithreán gréasáin ag https://consult.kildarecoco.ie/ga nó ar iarratas ó Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha ag 045-980 565.
Fáiltítear roimh aighneachtaí maidir leis an dréachtscéim anois agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
Ar líne: https://consult.kildarecoco.ie/ga
Seol d’aighneacht trí ríomhphost chuig: SPCScheme@kildarecoco.ie
Scríobh chuig: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara.
Le do thoil, marcáil d’aighneacht leis na focail ‘Scéim CBS 2024’.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5:00 i.n. Dé Luain, 02 Meán Fómhair 2024.