Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra de réir Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994 go ndúnfaidh sí an bóthar seo a leanas ó Dé Luain, 12 Lúnasa 2024 go dtí Dé hAoine, 23 Lúnasa 2024 chun oibreacha athdhromchlaithe bóithre a éascú.
Uimh. |
Bóthar le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon tráth ar leith) |
1 |
L5071 Sráidbhaile Bhaile an Stáibléaraigh |
L1019 Tigh Mochua Thiar |
L1018 Dún Urchaille |
Gach lá ó 08:00 a.m. go 18:00 p.m. |
Bealaí Eile: Ba cheart do thrácht atá ag taisteal soir i dtreo Bhaile an Stáibléaraigh dul ó thuaidh ar an L1019 Tigh Mochua Thiar ag leanúint ar aghaidh ar an L1019 Cúlóg Mháirtín i dtreo Dhoire Mhairge, ag casadh ar dheis ar an L1018 Dún Urchaille. Ba chóir go bhfanfadh an trácht atá ag taisteal siar i dtreo Bhaile an Stáibléaraigh ar an L1018 Dún Urchaille ag casadh ar chlé ar an L1017 Doire Mhairge i dtreo Chúlóg Mháirtín ag nascadh leis an L1019 Tigh Mochua Thiar. |
Beidh comharthaí soiléire ar bhealaí atreoraithe, mar a comhaontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coinneofar rochtain éigeandála agus rochtain shrianta áitiúil.