Tosnú Iniúchta á Fhógairt
Comhairle Contae Chill Dara
Tugtar fógra anseo go dtosnóidh Éamonn O’ Dálaigh, Iniúchóir Rialtais Áitiúil, ar Dé hAoine, an 26ú lá de Iúil 2024, ag déanamh iniúchta ar chuntais an rialtais áitiúil thuas luaite don bhliain airgeadais dár chríoch 31ú lá Nollaig 2023.
De réir Airteagal 17 de Rialacháin an Rialtais Áitiúil (Nósanna Imeachta Airgeadais agus Iniúchta) 2014, cuirfidh an t-Iniúchóir Rialtas Áitiúil san áireamh aon cur i gcoinne ar ábhar nó ábhair atá sna cuntais éagsúla sin le linn an iniúchta.
Ba chóir aon agóid bheartaithe a dhéanamh i scríbhinn, ag leagan amach na sonraí agus na cúiseanna ar a bhfuiltear á dhéanamh, chuig an Iniúchóir Rialtais Áitiúil, Comhairle Contae Chill Dara, Áras an Chontae, Bóthar an Droichid Nua, an Nás, Co. Chill Dara, laistigh de dheich lá ó thús an iniúchta. Beidh an ráiteas airgeadais bliantúil ar fáil d'éinne le scrúdú le linn uaireanta oifige, ar feadh tréimhse seacht lá sula dtosaíonn an iniúchadh.
Dáta 25ú lá de Meitheamh 2024
Ms Sonya Kavanagh
Príomhfheidhmeannach