Dúnadh Sealadach Bóithre
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin na mBóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra de réir Alt 75 d'Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin na mBóithre, 1994, go ndúnfar an bóthar seo a leanas ar na hoícheanta i rith na seachtaine ó Dé Luain, an 25 Márta 2024 go dtí Dé hAoine, an 05 Aibreán 2024, an dá lá sin san áireamh, chun oibreacha bóthair a éascú mar chuid de Scéim Taisteal Gníomhach Bhóthar Chill Chuillinn.
Bóthar le bheith Dúnta |
Ó (Acomhal le) |
Go (Acomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon tráth ar leith) |
|
1 |
R411 Bóthar an Bhaile Mhóir |
R448 Bóthar Chill Chuillinn |
L6043 Bóthar Bhaile an Chradógaigh |
10 n-oíche |
Bealaí Eile: Trácht amach ó Phríomhshráid an Náis ag teacht ar Acomhal Bhóthar an Bhaile Mhóir. Ba chóir leanúint ar aghaidh ag taisteal ó dheas feadh R448 Bóthar Chill Chuillinn. Ag Timpeallán Bhóthar Chill Chuillinn, cas ar chlé ar Chuarbhóthar Theas an L3013. Lean ort feadh an Chuarbhóthair Theas go dtí Timpeallán Bhóthar an Bhaile Mhóir. Ag Timpeallán Bhóthar an Bhaile Mhóir, cas ar chlé go dtí bealach amach R411 Lár an Bhaile. Trácht isteach ó Bhóthar Chill Chuillinn ag dul go dtí Príomhshráid an Náis. Ba chóir bealach amach an Chuarbhóthair Theas L3013 a thógáil i dtreo Dhroichead Nua ag Timpeallán Bhóthar Chill Chuillinn. Lean ort feadh an Chuarbhóthair Theas go dtí an t-acomhal leis an R445 Bóthar Dhroichead Nua. Cas ar dheis ar R445 Bóthar Dhroichead Nua agus lean ar aghaidh ar an mbóthar seo go dtí go mbuaileann sé le hAcomhal na Príomhshráide / Bhóthar Chill Chuillinn ag Murtagh's Corner. Trácht isteach ó Thimpeallán Bhóthar Chill Chuillinn ag teacht ar Acomhal Bhóthar an Bhaile Mhóir. Ba chóir bealach amach an Chuarbhóthair Theas L3013 a thógáil i dtreo Bhaile Coimín ag Timpeallán Bhóthar Chill Chuillinn agus lean ort feadh an bhóthair seo. Ag Timpeallán Bhóthar an Bhaile Mhóir, cas ar chlé go dtí bealach amach R411 Lár an Bhaile. Trácht isteach ó Thimpeallán Bhóthar an Bhaile Mhóir ag teacht ar Bhóthar Chill Chuillinn thuaidh nó ar an bPríomhshráid, An Nás. Ba chóir dóibh bealach amach an Chuarbhóthair Theas L3013 a thógáil i dtreo Dhroichead Nua ag Timpeallán an Bhaile Mhóir agus lean ort feadh an bhóthair seo. Ag an acomhal le Bóthar Dhroichead Nua R445, cas ar dheis agus lean ar aghaidh ar an mbóthar seo go dtí go mbuaileann sé le hAcomhal na Príomhshráide / Bhóthar Chill Chuillinn ag Murtagh's Corner. |
Beidh comharthaí bóithre atreoraithe le feiceáil go soiléir, mar a aontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coinneofar rochtain éigeandála agus srian ar rochtain áitiúil.