Bearta Moillithe Tráchta Beartaithe
Alt 38 Den Acht Um Thrácht Ar Bhóithre 1994
De réir fhorálacha Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo faoina hintinn le haghaidh:
Suiteáil bheartaithe 2 Scáthlán Bus Nua agus tógáil bheartaithe an chosáin ghaolmhair ag na láithreacha seo a leanas:
- Stad Bus 11729, Baile an Chalbhaigh, Co. Chill Dara (Ó thuaidh)
- Stad Bus 11734, Baile an Chalbhaigh, Co. Chill Dara (Ó dheas)
Beidh líníochtaí lena dtaispeánfar na hoibreacha atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas ó Dé Máirt, an 15 Aibreán go dtí Dé hAoine, an 16 Bealtaine 2025
- Suíomh gréasáin Comhairliúcháin Chomhairle Contae Chill Dara ag; https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/section-38-road-traffic-act-1994-proposed-bus-stops-calverstown-cokildare
- Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara, Leibhéal 4, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara Dé Luain go Dé hAoine idir 9:00 a.m. agus 5:00 p.m.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis na hoibreacha beartaithe thuasluaite a dhéanamh Ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/section-38-road-traffic-act-1994-proposed-bus-stops-calverstown-cokildare
nó i scríbhinn chuig an: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Iompair, Soghluaisteachta agus Spásanna Oscailte, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F faoi 5:00 p.m. ar Dé hAoine, 16 Bealtaine 2025.
Déan d’aighneacht trí mheán amháin, le do thoil, i.e. i gcóip chrua nó ar líne