Seolann Comhairle Contae Chill Dara Seachtain um Mhíchumas Chill Dara 2025
06 Bealtaine 2025: Inniu a d'fhógair Comhairle Contae Chill Dara sonraí chlár na n-imeachtaí chun Seachtain um Mhíchumas Chill Dara 2025 a chomóradh. Reáchtálfar na himeachtaí idir Dé Domhnaigh, 11 Bealtaine agus Dé Domhnaigh 18 Bealtaine.
Cuirfear tús iontach maith leis an tseachtain tríd mheán na chéad fhéile Ionchuimsitheachta Chill Dara riamh a bheidh ar siúl ag Ráschúrsa an Churraigh ó 11am go 4pm Dé Domhnaigh 11 Bealtaine. Is é aidhm an imeachta saor in aisce seo, atá á óstáil ag Comhairle Contae Chill Dara agus ag a comhpháirtithe, ná deireadh a chur le bacainní a bhíonn roimh dhaoine atá faoi mhíchumas agus gach duine a thabhairt le chéile i dtimpeallacht a bheidh fíorchuimsitheach go deo. Beidh réimse gníomhaíochtaí saor in aisce ar fáil ag an bhféile agus beidh siad oiriúnach do gach aois agus do gach cumas. Bí linn agus bain súp as an Láthair Spraoi do Theaghlaigh, tabhair faoi dhúshlán Chúrsa Constaicí Nua Healthcare, bain triail as an gcruthaitheacht le Meandar Draíochta Barretstown nó as na Spóirt Ionchuimsitheacha a eagróidh Comhpháirtíocht Spóirt Chill Dara. Bain triail as na gníomhaíochtaí seo agus as tuilleadh nach iad.
Ar an Luan, seolfaidh an t-údar clúiteach Éireannach do leanaí, Emma-Jane Leeson, i gcomhar le Líonra Rochtana Chontae Chill Dara (CKAN), an leagan Gaeilge ‘Johnny Magory agus na Coileáin a bhí ar Iarraidh’ dá leabhar ‘Johnny Magory and the Mystery of the Missing Puppies’.
Choimisiúnaigh Comhairle Contae Chill Dara agus Éire Ildánach an t-údar Emma-Jane Leeson le foilsiúchán ina léirítear leanaí faoi mhíchumas a chur ar fáil, agus chuir Emma-Jane Leeson leis an tsraith Johnny Magory a bhfuil an-tóir uirthi, leis an leabhar nua draíochtach seo. Sa leabhar, insítear scéal seachtar leanaí ó Chill Dara, cúigear díobh a bhfuil míchumas orthu, a ghabhann sa tóir ar a gcuid coileán cúnaimh atá ar iarraidh.
Tá an leabhar spreagtha ag na bréagáin de choileáin chúnaimh atá mar chuid den Bhailiúchán Bréagán Cuimsitheach dar teideal ‘Ár nDomhan’ de chuid Ghrúpa Rochtana Mhá Nuad. Le blianta beaga anuas, bhuaigh an tionscadal ‘Ár nDomhan’ catagóir na n-áiteanna cruthaitheacha ag Gradaim Mórtas Ceantair IPB. Is acmhainn oideachais ar féidir í a fháil ar iasacht atá sa chlár ‘Ár nDomhan’, ina bhfuil bailiúchán de bhréagáin agus acmhainní éagsúla agus ionchuimsitheacha. Is féidir le gach duine úsáid a bhaint as an áis, agus cabhraíonn na hacmhainní le leanaí glacadh le múineadh, le difríochtaí a normalú, agus leis an gcomhbhá agus an chomhthuiscint a chur chun cinn, agus dá thoradh seo ar fad, beidh sochaí níos cuimsithí againn.
Beidh an leabhar agus an cluiche boird ‘Accessible Adventures’ leis an maisitheoir a bhfuil duaiseanna bainte aici, Ciara Chapman, á gcur chun cinn i rith na seachtaine freisin. Rinne Líonra Rochtana Chontae Chill Dara (CKAN) agus Comhairle Contae Chill Dara, i gcomhar le hÁiteanna Cruthaitheacha Bhaile Átha Í, Ciara a choimisiniú chun an leabhar a fhorbairt ar mhaithe le haird leanaí bunscoile a dhíriú ar thábhacht an ionchuimsithe agus ar an tábhacht a bhaineann leis an domhan a bheith inrochtana.
Cuimsíonn ‘Accessible Adventures’ gearrscéalta agus léaráidí a bhaineann le hionchuimsiú agus inrochtaineacht, mar shampla Cárta JAM a úsáid, agus cuimsíonn sé scéal a thuigfear trí úsáid a bhaint as Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL). Tá cluiche boird san áireamh leis an leabhar freisin.
Dáilfear cóipeanna de ‘Johnny Magory agus na Coileáin a bhí ar Iarraidh’ agus de ‘Accessible Adventures’ mar aon leis an gcluiche boird ar gach leabharlann sa tír agus ar gach bunscoil i gContae Chill Dara i rith na seachtaine.
An Bhratach ar Foluain - Beidh Bratach Líonra Rochtana Chontae Chill Dara ar foluain in áiteanna feiceálacha ar fud an chontae i rith na seachtaine. San iomlán, cuirfear 250 bratach ar foluain i gcearnóga baile, lasmuigh de scoileanna agus lasmuigh de Stáisiúin na nGardaí ar fud an chontae. Beidh comharthaí eolais ar taispeáint freisin ag na príomhbhealaí isteach agus amach as bailte ar fud an chontae.
Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi Sheachtain um Mhíchumas Chill Dara 2025, tabhair cuairt ar www.ckan.ie