Foilsiú Dréacht-Mhapa Bliantúil na Cánach Talún Criosaithe Cónaithe le haghaidh 2026 agus deis chun iarratais athchriosaithe a dhéanamh ar an Léarscáil Deiridh do 2025.
Comhairliúchán Bliantúil ar Dhréachtléarscáileanna
Tá dréachtléarscáil bhliantúil, a ullmhaíodh de réir Alt 653C, arna leasú ag Alt 653M den Acht Comhdhlúite Cánach 1997, foilsithe ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara agus tá an dréachtléarscáil ar fáil lena iniúchadh ina cuid oifigí.
Ullmhaíodh an dréachtléarscáil bhliantúil don bhliain 2026 chun críocha talamh lena ndéantar na critéir ábhartha a shásamh a shainaithint agus tá sí le bheith faoi réir na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe.
Ní bheidh réadmhaoine cónaithe, in ainneoin go bhféadfaí iad a áireamh ar an dréachtléarscáil bhliantúil, inmhuirearaithe don cháin ar thalamh chriosaithe chónaithe.
Is tagairt í talamh lena ndéantar na critéir ábhartha a chomhlíonadh do thalamh—
(a) atá san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht, 2000, nó plean ceantair áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht, 2000, atá criosaithe—
(i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó
(ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,
(b) ina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhféadfadh rochtain a bheith ag an talamh, nó go bhfuil baint aige, le bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn seirbhíse dóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus
(c) go bhfuil sé réasúnach a bhreithniú nach ndéantar difear dó, i dtéarmaí a bhail fhisiciúil, mar gheall ar nithe ar leor iad chun soláthar áitreabh a chosc, lena n-áirítear éilliú nó taisí seandálaíochta nó stairiúla aitheanta a bheith ann,
ach nach talamh é—
(i) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht, 2000) nach forbairt nár údaraíodh í (de réir bhrí Acht, 2000), atá in úsáid mar áitribh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á úsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantair chónaithe cóngaracha,
(ii) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh neamhshealbhaithe nó díomhaoin,
(iia) nach mbeadh a fhorbairt i gcomhréir le—
(I) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean forbartha, an bonn céimnithe a ndéanfar forbairt ar thalamh faoin bplean i gcomhréir leis, mar a shonraítear sa phríomhstraitéis atá sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d'Acht 2000, nó
(II) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean ceantair áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus le príomhstraitéis an phlean forbartha don cheantar a n-ullmhaítear an plean ceantair áitiúil ina leith, chun talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, atá san áireamh sa phlean ceantair áitiúil de réir alt 19(2) d'Acht 2000, ar an dáta ar a bhfuil comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,
(iii) faoina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé ag teastáil le haghaidh áitithe, nó go bhfuil sé ina chuid dhílis d'áitiú ag—
(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,
(II) saoráidí agus bonneagar iompair,
(III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,
(IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,
(V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,
(VI) bainistíocht dramhaíola agus bonneagar diúscartha, nó
(VII) bonneagar fóillíochta, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,
(iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d'fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt, nó
(v) ar a bhfuil tobhach na suíomhanna tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.
Féadfar aighneachtaí ar an dréachtléarscáil bhliantúil a dhéanamh i scríbhinn chuig an Comhairle Conta Chill Dara tráth nach déanaí ná Dé Máirt, 1 Aibreán 2025, maidir le—
(I) láithreáin shonracha a áireamh sa léarscáil deiridh nó a eisiamh ón léarscáil deiridh, nó
(II) an dáta a shásaigh láithreán na critéir iomchuí den chéad uair.
Ba cheart go n-áireofaí in aighneachtaí ainm agus seoladh, cúiseanna le tailte a áireamh nó a eisiamh, mar aon le léarscáil ar scála 1:1,000 (ceantar uirbeach) nó 1:2,500 (ceantar tuaithe) nuair atá aighneacht á déanamh ag úinéir talaimh, lena sainaithnítear go soiléir an ceantar de thalamh is ábhar don aighneacht.
Aon aighneachtaí i scríbhinn den sórt sin a gheofar faoi Dé Máirt, 1 Aibreán 2025 seachas na codanna sin d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar an suíomh gréasáin arna chothabháil ag an údarás áitiúil lena mbaineann tráth nach déanaí ná Dé hAoine, 11 Aibreán 2025.
Tá na cuimsithe molta agus na heisiaimh mholta ar an dréachtléarscáil bhliantúil faoi réir aighneachtaí a fhaightear. Ba cheart d aon úinéirí talún a thacaíonn le heisiamh a gcuid talún aighneacht a dhéanamh mar thaca leis an eisiamh sin.
Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Comhairliúchán Iarratas Criosaithe
I gcás ina sainaithnítear talamh ar an dréachtléarscáil deiridh don bhliain 2025, arna foilsiú ar Dé hAoine, 31 Eanáir 2025, mar thalamh faoi réir na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe, féadfaidh duine, i leith talamh thuasluaite ar leis an duine sin é, aighneacht a dhéanamh chuig an údarás áitiúil, ó Dé Sathairn, 1 Feabhra 2025 go dtí Dé Máirt, 1 Aibreán 2025, ina n-iarrann sé/sí go n-athrófar criosú na talún sin. Ba cheart go n-áireofaí le haon aighneacht den sórt sin fianaise ar úinéireacht, cúiseanna mionsonraithe le haon iarraidh ar athchriosú, lena bhféadfaí leanúint de ghníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach a áireamh, chomh maith le léarscáil ar scála 1:1,000 (uirbeach) nó 1:2,500 (tuaithe) ar a sainaithnítear an píosa talún ábhartha go soiléir.
Aon iarrataí ar athchriosú i scríbhinn den sórt sin a gheofar faoi Dé Máirt, 1 Aibreán 2025 seachas na codanna sin d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar an suíomh gréasáin arna chothabháil ag an údarás áitiúil laistigh den tréimhse reachtúil ábhartha. Eiseofar litir admhála um iarraidh ar athchriosú ina mbeidh mionsonraí faoi stair phleanála na talún le déanaí ón údarás áitiúil chuig an úinéir talún faoi Dé Céadaoin, 30 Aibreán 2025. Is féidir an litir admhála a úsáid chun tacú le héileamh ar dhíolúine ón gcáin a eascraíonn i leith na talún atá ina hábhar don iarraidh don bhliain 2025. Ní mór an t-éileamh sin a dhéanamh i dtuairisceán bliantúil na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe don bhliain 2025, nach mór a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar Dé hAoine, 23 Bealtaine 2025 nó roimhe sin. Féach le do thoil ar www.revenue.ie le haghaidh mionsonraí.
Déanfaidh an tÚdarás Áitiúil gach iarraidh ar athchriosú a mheas ag féachaint do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil dhá chomhairliúchán ann.
- “Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Comhairliúchán Bliantúil ar an Dréachtléarscáil” - dáta deiridh Dé Máirt, 1 Aibreán 2025.
- “Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Comhairliúchán Iarratas Criosaithe” - dáta deiridh Dé Máirt, 1 Aibreán 2025.
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí don dá chomhairliúchán a dhéanamh,
- ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/ga
nó
- i scríbhinn chuig an Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin, an Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás. Co. Chill Dara.
Sínithe
Alan Dunney
Stiúrthóir Seirbhísí