Cuid 8 Forbairt
Fógra maidir le Forbairt Bheartaithe ag an Údarás Áitiúil
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú)
Airteagal 81 de Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú)
Tagairt Pleanála: P82025.03
Suíomh: Ar feadh bhealach Glasbhealach na Canálach Móire Céim 2 ag Dún Ing Theas agus Baile Ló
Tionscadal: Glasbhealach na Canálach Móire Céim 2 Droichid Bhreise
De réir Chuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn acu an fhorbairt seo a leanas a dhéanamh:
Moltar mar chuid den togra dhá dhroichead réamhdhéanta breise do choisithe le rochtain trí rampa bealaigh isteach a sholáthar ar Chéim 2 de Glasbhealach na Canálach Móire. Feabhsóidh na droichid nua na heasnaimh atá ann cheana i mbonneagar rothaíochta agus coisithe agus ábhair imní ó thaobh na sábháilteachta de, trí dheighilt bhreise idir úsáideoirí an Glasbhealach a sholáthar, rud a chuirfidh le rochtain níos sábháilte d’úsáideoirí an Glasbhealach trí thrasnú agus taisteal feadh chodanna contúirteacha den bhóthar poiblí a sheachaint. Tá Droichead 1 suite díreach ar an taobh thiar de Dhroichead Bhaile Ló atá ann faoi láthair, agus tá Droichead 2 suite thart ar 175m soir ó Dhroichead Healy (Droichead Bonynge) atá ann faoi láthair.
Baineann na hoibreacha beartaithe ag Droichead 1 (suite díreach siar ó Dhroichead Bhaile Ló) le droichead cruach a thógáil trasna na Canálach Móire agus rampaí isteach crémhúrtha treisithe glas ar an dá thaobh a thógáil (thart ar 130 méadar ar fad iomlán agus 3 mhéadar ar leithead) mar aon le ráillí gaolmhara. Ina theannta sin, áirítear leis na hoibreacha beartaithe síneadh a chur leis an Glasbhealach (thart ar 1km) feadh bhruach theas na Canálach Móire ón droichead beartaithe do choisithe soir i dtreo Bhaile Riobaird.
Baineann na hoibreacha beartaithe ag Droichead 2 (suite 175m soir ó Dhroichead Healy /Droichead Bonynge) le droichead cruach a thógáil trasna na Canálach Móire agus rampaí isteach crémhúrtha treisithe glas ar an dá thaobh a thógáil (thart ar 150 méadar ar fad iomlán agus 3 mhéadar ar leithead) mar aon le ráillí gaolmhara. Ina theannta sin, áirítear leis na hoibreacha beartaithe cosán breise ón droichead nua do choisithe go dtí an bealach bunaidh beartaithe don Glasbhealach (thart ar 100 méadar ar fad) mar aon le hoibreacha éascaithe laistigh de chúirtealáiste déanmhas cosanta - Droichead Healy / Bonynge (Uimh. RPS B13-16).
Áirítear leis an bhforbairt freisin comharthaíocht, marcanna bóthair, mullaird a shuiteáil agus oibreacha láithreáin gaolmhara ag na suíomhanna thuasluaite. Ullmhaíodh Tuarascáil Measúnaithe Tionchair Éiceolaíochta (EcIA) maidir leis na hoibreacha beartaithe.
Rinneadh Scagadh Measúnaithe Cuí ar an togra faoin Treoir um Ghnáthóga (92/43/CEE), agus faoi fhorálacha ábhartha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Éan agus Nádúrtha), 2011 – 2015. Chinn Comhairle Contae Chill Dara nach mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar Shuíomh Eorpach agus nach bhfuil Measúnú Cuí ag teastáil.
Rinneadh scagadh ar an togra freisin maidir le Measúnú Tionchair Timpeallachta faoi Threoir MTT 2011/92/AE arna leasú le Treoir 2014/52/AE agus forálacha ábhartha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú. Ag féachaint d’fhorálacha na reachtaíochta do chineál agus do scála na forbartha atá beartaithe, don fhaisnéis a sholáthraítear de réir Sceideal 7A de na Rialacháin, agus ag féachaint do scála, do chineál agus suíomh na dtionchar atá beartaithe, do na tionchair ionchasacha agus do na bearta maolaithe atá beartaithe agus do thorthaí aon mheasúnuithe ábhartha eile ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol. Chinn Comhairle Contae Chill Dara nach bhfuil aon fhíor-dhóchúlacht ann go mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol agus nach bhfuil Measúnú Tionchair Timpeallachta ag teastáil. De réir Airteagal 120 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (arna leasú), féadfaidh aon duine, laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhógra sin, iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh scagtha i dtaobh an dóigh go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt ar an gcomhshaol.
Beidh Pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe, Uimh. Thag. P82025.03, ar fáil lena n-iniúchadh nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh le linn an ngnáth-amanna oscailte ag Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara.
ag an seoladh thíos ó 9:00 a.m. – 5:00 p.m. Luan go hAoine ar feadh tréimhse 6 seachtaine ón gCéadaoin, 21 Bealtaine go dtí an Déardaoin, 3 Iúil (an dá lá sin san áireamh).
Tá sonraí faoin bhforbairt bheartaithe ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara ar líne ag: https://kildarecoco.ie/AllServices/Planning/Part8Schemes/StrategicProjectsandPublicRealm/index.html
nó ag an gcód QR ar an bhfógra seo.
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a phléann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina mbeidh an fhorbairt suite, a dhéanamh chuig:
Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Foireann um Thionscadail Straitéiseacha agus Réimse Poiblí, An Roinn Tithíochta agus Athghiniúna, Leibhéal 3, Comhairle Contae Chill Dara, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara, nó ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/part-8-grand-canal-greenway-phase-2- additional-bridges-p8202503
Ní mór aighneachtaí a dhéanamh tráth nach déanaí ná 5:00 p.m. Déardaoin, 3 Iúil 2025. Ba chóir ‘Cuid 8 Glasbhealach na Canálach Móire Céim 2 Droichid Bhreise atá Beartaithe Uimh. Thag. P82025.03’ a bheith mar cheannteideal ar gach aighneacht agus tuairim.
Beidh gach tuairim, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a thugann tuairimí don Chomhairle maidir leis an scéim mar a leagtar amach thuas, mar chuid den tuarascáil a cheanglaítear go reachtúil le cur i láthair ag cruinniú de na comhaltaí tofa. Dá réir sin, beidh siad san áireamh freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus d’fhéadfadh siad a bheith le feiceáil san fhearann poiblí.