Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin um Bóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara, thar ceann na hócáide Leathmharatón RunAthy (RunAthy Half Marathon), fógra de réir Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus na Rialacháin um Bóithre, 1994 go ndúnfaidh sí na bóithre seo a leanas Dé Domhnaigh, 6 Aibreán 2025 chun Leathmharatón RunAthy a éascú.
Uimh. |
Bóthar le Dúnadh |
Ón (Acomhal le) |
Go (hAcomhal le) |
Fad an Dúnta (ag aon am ar leith) |
1 |
Bóthar Dáileacháin |
R418 (an timpeallán a bheith oscailte) |
Bóthar Fortbarrington |
3 uair an chloig (9:45 a.m. — 12:45 p.m.) |
2 |
An R417 |
Sráid an Diúc |
Gráinseach Uí Mhealláin |
3 uair an chloig (9:45 a.m. — 12:45 p.m.) |
Bealach Eile: Leinster Street trí Bhaile Átha Í. Ag casadh ar dheis ag Gráinseach Uí Mhealláin go dtí an R418 agus isteach go Baile Átha Í. Beidh lána rochtana ag an R417 do gach eastát lena n-áirítear Coneyboro ar mhaithe le trácht bogadh go réidh. |
Beidh comharthaí soiléire ar bhealaí atreoraithe, mar a comhaontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coinneofar rochtain éigeandála agus rochtain shrianta áitiúil.