Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara go mbeidh Páirc Bhaile Chairdif dúnta ar an Domhnach 5 Eanáir 2025
Mar gheall ar réamhaisnéis Met Éireann faoin drochaimsir agus na teochtaí ísle, flichshneachta, sneachta agus carnadh sneachta atá tuartha, beidh Páirc Bhaile Chairdif dúnta agus ní bheidh an pobal in ann dul isteach ann ar an Domhnach 5 Eanáir 2025.
Déanfar fógra eile maidir le hathoscailt na páirce Dé Luain 6 Eanáir a luaithe a bheidh measúnú déanta ar na coinníollacha aimsire.
Tabhair faoi deara gur eisíodh teachtaireachtaí tábhachtacha sábháilteachta poiblí níos luaithe inniu, tar éis cruinniú a bhí ag Foireann Measúnaithe um Dhrochaimsir Chomhairle Contae Chill Dara um thráthnóna.
Tá tuilleadh eolais faoi na teachtaireachtaí seo ar fáil ag: https://kildarecoco.ie/News/TeachtaireachtaitabhachtachasabhailteachtafaoinAimsirFhuaratatuartha.html