Teachtaireachtaí tábhachtacha sábháilteachta poiblí maidir leis an Aimsir Fhuar atá amach romhainn
Tháinig Foireann Measúnaithe um Dhrochaimsir Chomhairle Contae Chill Dara le chéile tráthnóna inniu mar gheall ar an Rabhadh Aimsire Buí don Chontae faoi theochtaí ísle, agus mar gheall ar an bhflichshneachta agus sneachta atá tuartha chomh maith le carnadh sneachta. Beidh an rabhadh aimsire i bhfeidhm ó 5pm amárach (Dé Sathairn 4 Eanáir) go dtí 5pm Dé Domhnaigh 5 Eanáir.
Eisíodh an chomhairle seo a leanas tar éis chruinniú na foirne:
- Moltar do dhaoine monatóireacht a dhéanamh ar réamhaisnéisí Met Éireann agus/nó cuairt a thabhairt ar https://www.met.ie/ chun an t-eolas is déanaí a fháil. Tá eolas ar fáil ar fud na n-ardán meán sóisialta agus ar mheáin nuachta eile.
- Tá Plean Cothabhála don Gheimhreadh de chuid Chomhairle Contae Chill Dara i bhfeidhm agus é mar aidhm ag an bplean go gcoimeádfar gach príomhbhealach ar oscailt do thrácht, saor ó oighear agus sábháilte le bheith ag taisteal orthu. Chun eolas a fháil, féach: https://kildarecoco.ie/AllServices/Transport/WinterMaintenancePlan.
- Bíodh sin mar atá, beidh droch-choinníollacha taistil ann mar gheall ar cheathanna geimhridh agus dromchlaí sleamhna oighir.
- Beidh na coinníollacha tiomána contúirteach, fiú má bhíonn greanchloch leagtha ar na bóithre. Mar sin, moilligh síos, tiomáin go cúramach agus bí ar an eolas faoi úsáideoirí bóithre eile agus ceadaigh am breise do gach turas.
- Bí an-chúramach agus tú ag siúl: D’fhéadfadh cosáin is araile a bheith thar a bheith contúirteach/sleamhain mar gheall ar an oighear.
- Seiceáil isteach ar do chomharsana atá scothaosta, leochaileach agus/nó scoite amach.
- Coinnigh do ghuthán luchtaithe go hiomlán ar mhaithe le cumarsáid a éascú agus beir leat an fón agus tú ag dul ar gach turas. I gcás éigeandála glaoigh ar 999 nó 112.
- Ar an suíomh gréasáin Bí Ullamh don Gheimhreadh https://www.gov.ie/en/campaigns/aa78b9-be-winter-ready, gheobhaidh tú tuilleadh comhairle maidir le conas ullmhú i gcomhair drochaimsire.
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL/ESB ar 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal monatóireacht a dhéanamh ar www.PowerCheck.ie.
- Is féidir le custaiméirí Uisce Éireann a suíomh gréasáin agus a gcainéil meán sóisialta a sheiceáil le teacht ar nuashonruithe agus chun teagmháil a dhéanamh leo maidir le ceisteanna nó ábhair imní trí ghlao a chur ar a n-ionad cúraim do chustaiméirí 24/7 ar 1800 278 278. Is féidir le daoine clárú ar líne freisin ar an gcóras foláirimh téacs saor in aisce agus nuashonruithe rialta a fháil faoina soláthairtí áitiúla — féach www.water.ie.
- Moltar do dhaoine uisce a chaomhnú agus cuairt a thabhairt ar https://www.water.ie chun comhairle a fháil.
- Moltar d‘fheirmeoirí gach réamhchúram a ghlacadh agus iad ag déileáil le beostoc agus i gcás go mbeadh siad ag obair ina n-aonar.
Leanfaidh Comhairle Contae Chill Dara de bheith ag déanamh monatóireacht ar an scéal.
Teagmhálaithe
- Comhairle Contae Chill Dara — Lasmuigh d’uaireanta oifige — 1800 500 444
- Seirbhísí do dhaoine gan dídean - Seirbhísí lasmuigh de ghnáthuaireanta arna n-oibriú ag Peter McVerry Trust thar ceann Chomhairle Contae Chill Dara — 1800 804 307 (Dé Sathairn & Dé Domhnaigh 12pm -5pm)