Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
Fógra Cinnidh
Acht na mBóithre, 1993
Rialacháin um Bóithre, 1994
Tugann Comhairle Contae Chill Dara, thar ceann Chomhairle Pobail Chill Droichid, fógra de réir Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993 agus Rialacháin um Bóithre, 1994 go ndúnfaidh sí an bóthar seo a leanas Dé Luain, 17 Márta 2024 chun Paráid Lá Fhéile Pádraig Chill Droichid a éascú.
Uimh. |
Bóthar le bheith Dúnta |
Fad an Dúnta |
1 |
Príomhshráid Chill Droichid |
13:30 go 18:00 |
Sonraí faoi Dhúnadh an Bhóthair: Ón mbealach isteach d’eastát Páirc Naomh Phádraig ar an L5065 go dtí an acomhal leis an R403 (Lána an Tae). Ar R403 ón acomhal de Lána an Tae go dtí an acomhal den R405 (English Row). Ar an R405 ón acomhal leis an R403 go dtí an bealach isteach go Teach Bhaile an Chaisleáin (Príomhshráid Chill Droichid), ar an R405 ón mbealach isteach go Teach Bhaile an Chaisleáin go dtí an acomhal leis an R449 Bóthar Shackleton (Bóthar Mhaigh Nuad). Bealaí Eile: Is é an bealach eile isteach go Cill Droichid, maidir le taobh Mhaigh Nuad an bhaile ná an séú bealach amach as an M4 agus maidir le taobh Léim an Bhradáin an bhaile ná an cúigiú bealach amach as an M4 agus lean ar aghaidh ar an R403. |
Beidh comharthaí soiléire ar bhealaí atreoraithe, mar a comhaontaíodh leis an gComhairle agus leis an nGarda Síochána. Coinneofar rochtain éigeandála agus rochtain shrianta áitiúil.